Éisteachtaí ó bhéal
Tá an chumhacht ag an mBord éisteacht ó bhéal a thionól ar iarratas nó in éagmais iarratais. I gcásanna áirithe, féadfaidh an Bord a mheas gur féidir na saincheisteanna a bhaineann leis an gcás a mheas go leordhóthanach agus go hiomchuí trí thuairimí agus aighneachtaí i scríbhinn.
Féadfaidh an t-iarratasóir agus aon duine a thugann tuairim don Bhord Pleanála faoin iarratas éisteacht ó bhéal a iarraidh. Má d’íoc tú an táille iarratais nó an táille € 50 chun tuairim a thabhairt, níl aon táille bhreise ann chun éisteacht ó bhéal a iarraidh.
Cinneadh an Bhoird éisteacht ó bhéal a thionól,
- scríobhfaimid chuig na rannpháirtithe uile sa chás faoi na socruithe don éisteacht ó bhéal.
- foilseoimid ar ár suíomh Gréasáin sonraí faoin éisteacht ó bhéal agus an clár oibre.
Áirítear ar chumhachtaí an chigire ag an éisteacht ó bhéal:
- an éisteacht ó bhéal a reáchtáil go héifeachtúil agus gan foirmiúlacht gan ghá
- teorannú a dhéanamh ar an am a chaitheann daoine ag déanamh pointí nó argóintí
- diúltú pointe argóna nó d’argóint nach mbaineann leis an éisteacht ó bhéal a cheadú nó diúltú do mhíreanna atá ag athrá míreanna a luadh cheana.
- ligean nó diúltú do dhuine tuairim a thabhairt ag an éisteacht ó bhéal nach ndearna amhlaidh cheana féin le linn na tréimhse ama ina bhféadfaí tuairimí a thabhairt don Bhord Pleanála.
- conas ullmhú faoi choinne éisteacht ó bhéal,
- cé a bhíonn i láthair ag éisteacht ó bhéal,
- cad a tharlaíonn de ghnáth ag éisteacht ó bhéal, agus
- cad a tharlaíonn ina dhiaidh sin.
Éisteachtaí ó bhéal le clár oibre teoranta
Féadfaidh an Bord a chinneadh freisin go ndéanfar éisteacht ó bhéal “clár oibre teoranta” a thionól, i ngeall ar na saincheisteanna atá i gceist san fhorbairt bheartaithe. Is féidir go mbeidh sé seo bunaithe ar mholadh ón gcigire a bheidh i gceannas ar an éisteacht ó bhéal. Má dhéantar éisteacht ó bhéal ar chlár oibre teoranta, ní dhíreoidh sé ach amháin ar na saincheisteanna atá sa chlár oibre teoranta.
Má chinneann an Bord gan éisteacht ó bhéal nó éisteacht ó bhéal le clár oibre teoranta a reáchtáil má thug tú tuairim i scríbhinn éistfear do thuairimí fós de bhrí go mbreithníonn an Bord gach tuairim scríofa uile a fhaightear faoi iarratas. Breithneoidh an cigire na tuairimí agus í/é ag measúnú an iarratais agus breithneoidh an Bord í agus a chinneadh á dhéanamh aige. |
Cruinnithe
Féadfaidh an Bord cruinniú a thionól leis an iarratasóir nó le haon duine eile a mheasann an Bord a bhfuil faisnéis ábhartha aige faoin gcás. Féadfaidh an Bord a chinneadh éisteacht ó bhéal agus cruinniú a thionól sa chás céanna. Is féidir cruinniú a ghairm agus a thionól roimh éisteacht ó bhéal nó dá éis.
An Bord amháin a fhéadann cruinniú a ghairm. Ní féidir le hiarratasóir nó le duine a thugann tuairim cruinniú a iarraidh.
Tabhair faoi deara le do thoil gur féidir éisteachtaí ó bhéal a dhéanamh ar líne trí úsáid a bhaint as Microsoft Teams. Chun a fháil amach conas freastal ar chruinniú nó éisteacht ó bhéal trí Microsoft Teams, féach ar ár leathanach treorach. |