Léim go dtí an príomhábhar

COVID-19: Teorainneacha ama do chinntí

Teorainneacha ama do chinntí

Is féidir go mbeidh cinntí áirithe mall de bharr orduithe an Rialtais a chuir síneadh le tréimhsí ama do chúrsaí pleanála sa tréimhse idir 29 Márta 2020 agus 23 Bealtaine 2020. Bhí an tréimhse sin le fágáil as an áireamh agus teorainneacha ama éagsúla á ríomh faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt agus faoi achtanna gaolmhara eile.

Beidh tréimhsí éagsúla de shíneadh i gceist. An prionsabail ginearálta ná go gcuirfear tréimhse is ionann le líon na laethanta sa teorainn ama bunaidh a bhí laistigh den tréimhse idir 29 Márta 2020 agus 23 Bealtaine 2020 le haon teorainn ama ag tosú ar an 23 Bealtaine 2020.