Eolas ginearálta
⚠ |
Má tá tú ag smaoineamh ar achomharc, tuairim, aighneacht, iarratas nó tarchur a dhéanamh chuig An mBord Pleanála, molaimid duit do dhoiciméad nó doiciméid a ullmhú roimh ré. Ní ceadmhach dúinn faoin dlí eisceachtaí a dhéánamh ar riail na teora ama ná ar aon riail reachtúil eile fiú i gcúinsí eisceachtúla COVID-19. |
Molaimid duit teagmháil a dhéanamh linn leis an bpost, trí ríomhphost nó ar an bhfón, seachas teacht isteach san oifig, más féidir ar chor ar bith. An fáth leis sin ná daoine a choimeád scartha amach ó chéile chomh fada agus is féidir, nuair nach gá teagmháil duine le duine.
Tá líon mór ríomhphost agus glaonna fóin á bhfáil againn gach lá. Iarraimid ort a bheith tuisceanach mura bhfaigheann tú freagra go luath ar do ríomhphost nó ar do ghlao fóin. Freagróimid thú a luaithe is féidir.
- Seoladh poist: 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902.
- Seoltaí ríomhphoist:
- Gnáthachomhairc Phleanála, agus gach achomharc eile seol ríomhphost chuig: appeals@pleanala.ie
- I gcás iarratais nó réamhiarratais ar Fhorbairt Tithíochta Straitéisí, seol ríomhphost chuig: strategichousing@pleanala.ie
- I gcás iarratais nó réamhiarratais ar Fhorbairt Bonneagair Straitéisigh, seol ríomhphost chuig: sids@pleanala.ie
- Féachaint ar cháschomhaid chinnte nó cóipeanna de dhoiciméid ar cháschomhaid chinnte: publicaccess@pleanala.ie
- Ceisteanna ginearálta, seol ríomhphost chuig: bord@pleanala.ie
- Fón:(01) 858 8100 nó Glao Áitiúil: 1890 275 175