Léim go dtí an príomhábhar

COVID-19: Féachaint ar Chomhad Cáis atá Socraithe (Rochtain Poibli)

Féachaint ar Chomhad Cáis atá Socraithe (Rochtain Poibli)

Sula dtagann tú isteach san oifig seo

Más mian leat féachaint ar chomhad cás cinnte, déan teagmháil linn ag publicaccess@pleanala.ie chun am a shocrú le féachaint ar an gcomhad nó ar na comhaid. Tabharfaidh sé sin deis don fhoireann an comhad nó an bosca a ullmhú ionas go mbeidh sé ar fáil duit nuair a thagann tú isteach san oifig.

I ngeall ar an riachtanas a bheith scartha amach ó chéile, is féidir go mbeidh orainn teorainn a chur le líon na ndaoine a úsáidfidh na háiseanna léitheoireachta rochtana poiblí san oifig seo. Iarraimid ort teagmháil a dhéanamh linn sula dtagann tú isteach chun comhaid a fheiceáil.

Má thagann tú isteach san oifig, iarraimid ort táillí a íoc áit is féidir le cárta dochair nó creidmheasa, seic, ordú poist nó dréacht baincéara. Gheofar tuilleadh eolais ar ár suíomh gréasáin faoi tháillí agus conas iad a íoc

Nuair a thagann tú isteach san oifig seo

Má tá fút teacht isteach san oifig chun comhad cinnte a fheiceáil, abair é sin le ball foirne nó le garda slándála agus lean a gcuid treoracha. Treorófar thú chuig an áit ar féidir leat féachaint ar an gomhad.

Is féidir gur mhaith leat úsáid a bhaint as tseirbhís grianghrafadóireachta féinseirbhíse agus tú ag féachaint ar an gcomhad. Is féidir grianghraif a thógáil d'fhormhór na ndoiciméad sa cháschomhad, ach amháin léarscáileanna, pleananna agus míreanna áirithe eile. Ní gá duit ach Foirm Dearbhaithe a líonadh isteach agus é a thabhairt do bhall den fhoireann rochtana poiblí atá ag cabhrú leat. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoi ghrianghrafadóireacht féinseirbhíse agus faoi conas féachaint ar cháschomhaid cinnte ar ár suíomh gréasáin.

Is féidir fótachóipeanna a thógáil de dhoiciméid, pleananna agus líníochtaí mar is gnách. Gheobhaidh tú amach costas na bhfótachóipeanna inár dtreoir rochtana poiblí: féachaint ar cháschomhaid cinnte. Tá a lán éileamh ar an tseirbhís fótachóipeála i láthair na huaire mar sin ní mór tamall a chur i leataobh chun fótachóipeáil a dhéanamh. Mura féidir doiciméid a fhótachóipeáil le linn do chuairte, cuirfimid na fótachóipeanna chugat sa phost.