Léim go dtí an príomhábhar

Tar éis duit d’achomharc a dhéanamh

An bhfuil m’achomharc bailí nó neamhbhailí?

Tar éis d’achomharc a fháil, seiceálfaimid é féachaint an gcomhlíonann na riachtanais reachtúla chun achomharc bailí a dhéanamh. Mura gcomhlíonann, beidh sé neamhbhailí. An chéad rud eile ná go bhfaighidh tú litir uainn le rá leat:

  • go bhfuaireamar d’achomharc, agus
  • cibé an bhfuil d’achomharc bailí neamhbhailí.


Céard é an chéad rud eile a dhéanaim más achomharc bailí é?

Más achomharc bailí é, ní gá duit aon rud eile a dhéanamh ag an bpointe seo. Le linn an phróisis achomhairc, is féidir go bhfaighidh tú litir uainn mar gheall ar:

  • tuairimí nó tráchtanna a iarrfar ort a thabhairt, b’fhéidir, ar rud éigin atá faighte againn,
  • cinneadh an Bhoird éisteacht ó bhéal a thionól,
  • mionsonraí éisteachta ó bhéal,
  • cathain is dóigh leis an mBord go ndéanfar a chinneadh nuair nach féidir é a dhéanamh laistigh den tréimhse 18 seachtaine.

Má scríobhaimid chugat, iarrtar ort déanamh de réir na dtreoracha nó na comhairle sa litir. Má bhíonn cabhair uait chun déanamh de réir na dtreoracha nó na comhairle, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn. Tabhair uimhir thagartha an cháis achomhairc sa litir, ionas gur féidir linn do chás a aithint.

 

Cad a tharlaíonn i gcás achomharc neamhbhailí?

Más achomharc neamhbhailí é, cuirfimid na doiciméid agus an táille ar ais chugat. Aisíocfaimid do tháille i bhfoirm seic. Ní féidir an t-achomharc a chur isteach arís ach amháin má chomhlíonann tú gach ceann de na riachtanais reachtúla.

 

Cén fáth gur achomharc neamhbhailí é m’achomharc?

Seo cuid de na cúiseanna a mbíonn achomhairc neamhbhailí:

  • ní chomhlíonann an t-achomharc gach ceann de na riachtanais reachtúla a ndéantar cur síos orthu sa treoir seo,
  • má cuireadh an t-achomharc sa bhosca litreacha san oifig nó má cuireadh chugainn i ríomhphost é,
  • baineann an t-achomharc le rud éigin nach bhfuil faoinár gcúram.

Gheofar mionsonraí eile mar gheall ar achomhairc neamhbhailí ar ár suíomh gréasáin.
 

Cad é an chéad rud eile a dhéanann an Bord Pleanála?

Seolann an Bord Pleanála cóip de d’achomharc chuig:

  • an údarás pleanála,
  • an iarratasóir, agus
  • chuig aon achomharcóir eile atá bainteach leis an achomharc.

Bíonn 4 seachtaine ag rannpháirtithe ón dáta ar a scríobhaimid an litir chun a gcuid tuairimí a chur in iúl, más mian leo. Ní féidir linn aird a thabhairt ar thuairimí a fhaigheann tar éis an dáta deiridh. Is féidir go scríobhfaimid chuig rannpháirtithe ag iarraidh aighneachtaí nó tuilleadh eolais orthu.

Breithneoidh cigire d’achomharc agus na doiciméid ar fad. De ghnáth, tugann siad cuairt ar an láithreán chun tuilleadh eolais a bhailiú agus grianghraif a ghlacadh dá dtuarascáil. Is féidir go mbeimid i dteagmháil leat chun am a shocrú do chuairt an chigire ar an láithreán, ach is féidir go rachaidh cigire go dtí an láithreán gan choinne má bhíonn siad in aice láimhe.

Tar éis an éisteacht ó bhéal a chríochnú, ullmhaíonn an cigire tuarascáil agus moladh don Bhord. Ansin déanfaidh an Bord cinneadh bunaithe ar na doiciméid uile sa chás.
 

Cad é an teorainn ama chun achomharc a dhéanamh?

Tá cuspóir reachtúil ag an mBord cásanna a chinneadh, más féidir, laistigh de 18 seachtaine. Áirítear sa tréimhse 18 seachtaine aon tréimhsí iarratais a luadh cheana. Mar shampla, má iarraimid ort tuairim a thabhairt ar aighneacht laistigh de cheithre seachtaine, beidh na ceithre seachtaine sin ina gcuid den tréimhse achomhairc iomlán 18 seachtaine.

Mura féidir leis an mBord cinneadh a dhéanamh laistigh de 18 seachtaine, scríobhfaimid chuig na rannpháirtithe san achomharc chun é sin a chur in iúl dóibh. Nuair a dhéanann an Bord cinneadh, seolfaimid litir agus cóip d’Ordú an Bhoird chugat chun an cinneadh a chur in iúl duit. 
 

An féidir liom m’achomharc a aistarraingt?

Is féidir achomharc a aistarraingt uair ar bith sula ndéantar an cinneadh. Ní mór duit scríobh chugainn á rá gur mian leat an t-achomharc a aistarraingt. Ní féidir an táille a aisíoc, faraor.
 

Tá an t-iarratas aistarraingthe ag an iarratasóir. An nglacfaidh an Bord le m’achomharc?

Ní ghlacfaidh. Ní féidir achomharc bailí a dhéanamh i gcás ina bhfuil iarratas aistarraingthe ag an iarratasóir.
 

An féidir leis an mBord achomharc a chaitheamh amach?

Is féidir, má tá sé sásta:

  • gur achomharc cráiteach é, atá ceaptha chun cur isteach ar dhuine éigin eile nó iad a chiapadh,
  • gur achomharc fánach é, nach bhfuil aon bhunús leis,
  • gur achomharc gan bunús ná substaint é,
  • gur achomharc é a rinneadh d’aonturas le moill a chur ar an bhforbairt,
  • gur achomharc é a rinneadh chun íocaíocht airgid, bronntanais nó cúiteamh a fháil ó duine ar bith, nó
  • gur achomharc é a rinne duine nach féidir a shainaithint (i dtuairim an Bhoird).