Conas a dhéanaim achomharc?
Ní mór duit d’achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisiún Pleanála i scríbhinn agus é a chur isteach:
1. Ar líne
2. Leis an bpost nó
3. Trí é a sheachadadh orainn i bpearsa tríd an achomharc nó an tarchur a fhágáil le fostaí de chuid an Choimisiúin in oifigí an Choimisiúin le linn uaireanta oifige.
Cuir Isteach ar Líne:
Bain úsáid as an Ardán Achomhairc ar Líne.
Our online appeals platform is currently accepting appeals for the following:
- Achomhairc chéad pháirtí (Déanann an tIarratasóir achomharc i gcoinne an chinnidh ón údarás pleanála nó i gcoinne na gcoinníollacha a ghabhann leis an gcinneadh ón údarás pleanála. Áirítear leis sin freisin forbairtí a bhfuil gné tráchtála nó coinneála i gceist leis an iarratas ina leith)
- Achomhairc tríú páirtí (Thug tú tuairim don údarás pleanála, nó rinne tú aighneacht chuige, maidir le hiarratas, agus tá tú ag iarraidh achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh ón údarás pleanála anois.)
- Cead Achomhairc Deonaithe (Chuir tú iarraidh ar chead achomhairc faoi bhráid an Choimisiúin Pleanála. Dheonaigh an Coimisiún an iarraidh uait. Tá d’achomharc tar éis an chinnidh sin á chur isteach agat anois.) Ní mór gach cineál eile achomhairc a chur isteach leis an bpost nó i bpearsa. Áirítear leo sin achomhairc a bhaineann le Forbairtí Cónaithe Mórscála, le Deimhnithe um Shábháilteacht ó Dhóiteán, agus le Deimhnithe Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas.
- Tarchur faoi Alt 5
- Forbairt Chónaithe ar Mhórscála (céad pháirtí agus tríú páirtí)
Cad a chaithfear a chur ar fáil san achomharc?
Ba chóir duit forais d’achomhairc (na cúiseanna agus na hargóintí) agus aon mhír is mian leat a chur ar fáil a ullmhú go cúramach. Ní bheidh cead agat aon rud eile a chur isteach tar éis an t-achomharc a dhéanamh, ach amháin má iarraimid ort. Ní féidir leis an an Coimisiún Pleanála aon saincheist a chur san áireamh nach saincheist phleanála í.
Cá mhéad a chosnaíonn sé achomharc a dhéanamh?
Tá cineálacha éagsúla táillí ann. Féach ár Treoir do Tháillí agus Muirir go bhfeice tú an táille a ghabhann le d’achomharc, nó cuir ceist orainne. Ní mór duit féachaint chuige go gcuirtear an táille cheart isteach leis an iarratas.
How can I pay for my appeal?
Tá modhanna éagsúla ann chun táille a íoc leis An Coimisiún Pleanála:
| Payment Method | In Person | In the Post | Online |
|---|---|---|---|
| Cash | Glactar leo | Ní mholtar duit airgead tirim a chur chugainn riamh leis an bpost | Níl |
| Debit and Credit Cards* | Glactar leo | Níl | Glactar leo |
| Cheques / Drafts / Postal Orders | Glactar leo | Glactar leo | Níl |
An bhfaighidh mé admháil má thugaim an t-achomharc do dhuine san oifig?
Gheobhaidh. Má thugann tú an t-achomharc go dtí an oifig is féidir admháil a iarraidh, a déarfaidh go bhfuarthas d’achomharc san oifig. Nuair a thugann tú d’achomharc do bhall d'fhoireann an Bhoird Pleanála, ní féidir é a thabhairt ar ais duit ná fótachóip a dhéanamh de do dhoiciméid agus stampa dáta orthu.
An bhfaighidh mé admháil má seolaim an t-achomharc leis an bpost?
Gheobhaidh tú admháil uainn sa phost.
Cad is éisteacht ó bhéal ann?
Tionóltar éisteacht ó bhéal uaireanta mar chabhair dár gcigire chun tuilleadh eolais a bhailiú ó rannpháirtithe. Ní gnách don Bhord éisteacht a thionóil ach amháin mar áis chun tuiscint a fháil ar chás casta nó má tá saincheisteanna suntasacha náisiúnta nó áitiúla i gceist iontu. Tá an cumhacht ag an mBord éisteacht ó bhéal a thionól ar iarratas nó in éagmais iarratais.
Conas is féidir liom éisteacht ó bhéal a iarraidh?
Chun éisteacht ó bhéal a iarraidh, ní mór iarratas ar éisteacht ó bhéal a dhéanamh? Chun iarratas a dhéanamh:
- ticeáil an bosca "Tá, is mian liom éisteacht ó bhéal a iarraidh" ar an bhFoirm Achomhairc Pleanála, nó scríobh chugainn agus iarr éisteacht.
- Beidh ort táille bhreise neamh-in-aisíoctha de €50 a íoc.
Bain úsáid as ár n-áireamhán féilire achomhairc chun do dháta beacht a aimsiú.
Firefox
Safari
Chrome
Opera
Edge