Léim go dtí an príomhábhar

Cinneadh Ceadúnais Alt 254: Achomharc a dhéanamh

Conas a dhéanaim achomharc in aghaidh Cinneadh Ceadúnais Alt 254?

Ní mór duit d'achomharc a dhéanamh i scríbhinn agus é a chur chugainn leis an bpost nó a thabhairt isteach san oifig chugainn. Ní féidir achomharc a dhéanamh ar líne faoi láthair. Tá Foirm Achomhairc in aghaidh Cinneadh Ceadúnais Alt 254 ann ar féidir leat é a líonadh isteach. Is féidir doiciméad a chlóscríobh nó a lámhscríobh. Mar sin féin, ní gá duit an fhoirm seo a líonadh isteach chun achomharc a dhéanamh. Is féidir an fhoirm a úsáid nó scríobh chugainn.

Cé mhéad ama atá agam chun achomharc a dhéanamh maidir le Cinneadh Ceadúnais Alt 254?

Níl aon teorainn ama ann.

Cé mhéad a chosnaíonn achomharc in aghaidh Cinneadh Ceadúnais Alt 254?

€220 a chosnaíonn achomharc. Ní mór duit féachaint chuige go gcuirtear an táille cheart isteach leis an achomharc.

Conas is féidir liom íoc as m'achomharc in aghaidh Cinneadh Ceadúnais Alt 254?

Tá modhanna éagsúla ann chun táille a íoc leis an mBord Pleanála.

Ag an deasc fáilte Leis an bpost

Airgead tirim

✔ Glactar leo Ní mholtar duit airgead tirim a chur chugainn riamh leis an bpost.

Cártaí Dochair agus Creidmheasa*

✔ Glactar leo ✖ Ní ghlactar leo

Seiceanna

✔ Glactar leo ✔ Glactar leo

Dréachtaí baincéara

✔ Glactar leo ✔ Glactar leo

Orduithe poist

✔ Glactar leo ✔ Glactar leo

*Tabhair ar aird nach nglacaimid le híocaíochtaí cárta creidmheasa nó dochair ar an bhfón.

Gheofar tuilleadh sonraí faoi agus conas iad a íoc ar ár suíomh gréasáin.

Cad a chaithfear a chur ar fáil san achomharc?

Ba chóir duit forais d'achomhairc (na cúiseanna agus na hargóintí) agus aon mhír is mian leat a chur ar fáil a ullmhú go cúramach. Ní bheidh cead agat aon rud eile a chur isteach tar éis an achomharc a dhéanamh, ach amháin má iarraimid ort. Ní féidir leis an mBord Pleanála aon saincheist a chur san áireamh nach saincheist phleanála í.

Chun achomharc iomlán bailí a dhéanamh:

Ní mór duit an t-achomharc a dhéanamh i scríbhinn (clóscríofa nó lámhscríofa)
Ní mór duit d'ainm agus do sheoladh a scríobh go soiléir. Más gníomhaire atá ag déanamh an achomhairc ar do shon, ní mór don ghníomhaire a ainm agus a sheoladh a thabhairt mar aon le d'ainmse agus do sheoladh.
Ní mór duit dóthain mionsonraí a thabhairt le gur féidir an t-iarratas ar cheadúnas is mian leat a achomharc a aithint gan dua. Seo samplaí de na mionsonraí a nglacaimid leo:
• cóip de chinneadh an údaráis pleanála,
• ainm an údaráis pleanála agus uimhir thagartha an iarratais ar cheadúnas (mar shampla: Comhairle Cathrach Bhaile an Bhaile, 23719/18).
Ní mór duit na nithe seo a leanas a chur ar fáil dúinn:
• d'fhorais phleanála leis an achomharc (cúiseanna agus argóintí) as a leanann gur mian leat cinneadh an údaráis pleanála a athrú, agus
• aon mhír eile is mian leat a chur leis chun tacú le d'fhorais achomhairc.
Ní mór duit an táille chuí a íoc.

 

Cad é an seoladh don achomharc?

Ní mór duit:

  • é a chur leis an bpost chuig: An Rúnaí, An Bord Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902,
  • é a thabhairt do bhall d'fhoireann An Bhoird Pleanála ag ár n-oifigí i Sráid Mhaoilbhríde (seoladh thuas) le linn uaireanta oifige - Ó Luan go hAoine, óna 9.15 ar maidin go dtí a 5.30 tráthnóna. Ní féidir leis an bhfoireann slándála san oifig glacadh le hachomhairc.

Cuimhnigh, cuir d'achomharc i mbosca litreacha na hoifige agus ná seol chugainn i ríomhphost é nó achomharc neamhbhailí a bheidh ann.

Bíonn an oifig dúnta ag an deireadh seachtaine, ar laethanta saoire phoiblí agus ar laethanta fógartha eile amhail Lá Nollag agus Aoine an Chéasta.


An bhfaighidh mé admháil má thugaim an t-achomharc do dhuine san oifig?

Gheobhaidh. Má thugann tú an t-achomharc go dtí an oifig is féidir admháil a iarraidh, a déarfaidh go bhfuarthas d'achomharc san oifig. Nuair a thugann tú d'achomharc do bhall d'fhoireann an Bhoird Pleanála, ní féidir linn é a thabhairt ar ais duit ná fótachóip dhéanamh de do dhoiciméid agus ár stampa dáta orthu.

An bhfaighidh mé admháil má sheolaim an t-achomharc leis an bpost?

Gheobhaidh tú admháil uainn leis an bpost.