Léim go dtí an príomhábhar

Alt 254 Cinneadh ceadúnais a achomharc i gcás fearas, cáblaí, comharthaí, troscán sráide nó míreanna eile ar bhóithre poiblí

Cad dó ar gá ceadúnas?

Beidh ceadúnas ón údarás pleanála uait chun na nithe seo a leanas a chur ar, faoi, os cionn no feadh bhóthar poiblí:

  • meaisín díola,
  • mapa baile nó tírdhreacha chun treonna nó áiteanna a thaispeáint,
  • claí, scafall nó mórchlár fógraíochta,
  • struchtúr fógraíochta,
  • cábla, sreang nó píobán,
  • bonneagar cumarsáide leictreonaí os cionn na talún agus aon bhonneagar fisiciúil gaolmhar cosúil le cuaille teileafóin nó cófra,
  • both teileafóin nó bonn, nó
  • aon fhearas, trealamh nó struchtúr a shonraítear sna rialacháin a rinne an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil nó faoi Acht den Oireachtas ar gá ceadúnas maidir leis.

Sampla coitianta is ea iarratas ar cheadúnas chun boird agus cathaoireacha a chur lasmuigh d'óstán, de bhialann, de theach tábhairne nó d'ionad eile. Ar an ábhar sin, uaireanta tugtar iarratas ar cheadúnas "troscán sráide" ar iarratas ar cheadúnas, cé go bhfuil mórchuid míreanna agus cásanna eile ina bhféadfadh ceadúnas a bheith de dhíth.

Gheofar tuilleadh eolais ar an tslí le cur isteach ar cheadúnas ó d'údarás pleanála áitiúil.

Cad is achomharc ar chinneadh ceadúnais Alt 254 ann?

Is ionann achomharc ceadúnais Alt 254 agus achomharc ina ndéanann údarás pleanála cinneadh ar iarratas ar cheadúnas chun:

  • ceadúnas a dheonú,
  • ceadúnas a dhiúltú,
  • ceadúnas a aistarraingt, nó
  • leanúint de cheadúnas.

Is féidir cinneadh an údaráis pleanála a achomharc chuig an mBord Pleanála.

Cé atá i dteideal achomharc a dhéanamh?

Féadfaidh duine ar bith achomharc a dhéanamh in aghaidh ceadúnas a dheonú, a dhiúltú, a aistarraingt nó a choimeád.