Léim go dtí an príomhábhar

Cinneadh Ceadúnais Alt 254: Éisteachtaí ó bhéal

Cad is éisteacht ó bhéal ann?

Tionóltar éisteacht ó bhéal uaireanta mar chabhair dár gcigire chun tuilleadh eolais a bhailiú ó rannpháirtithe. Ní gnách don Bhord éisteacht a thionóil ach amháin mar áis chun tuiscint a fháil ar chás casta, má tá saincheisteanna suntasacha náisiúnta nó áitiúla i gceist iontu. Tá an chumhacht ag an mBord éisteacht ó bhéal a thionól ar iarratas nó in éagmais iarratais.

Conas a iarraim éisteacht ó bhéal?

Chun éisteacht ó bhéal a iarraidh, ní mór iarratas ar éisteacht ó bhéal a dhéanamh. Chun iarratas a dhéanamh, ní mór duit:

  • an bosca le hais "Tá, is mian liom éisteacht ó bhéal a iarraidh" a thiceáil ar an bhFoirm Achomhairc Cinneadh Ceadúnais Alt 254,
  • scríobh chugainn agus éisteacht a iarraidh.

Ní mór duit táille bhreise neamh-in-aisíoctha de €50 a íoc agus caithfear d'iarratas a fháil in éineacht le d'achomharc.

Gheobhaidh tú eolas breise ar an tslí leis an iarratas a dhéanamh ar ár suíomh gréasáin faoi "Éisteacht ó Bhéal a Iarraidh" nó trí theagmháil a dhéanamh linn.