Léim go dtí an príomhábhar

Cinneadh Ceadúnais Alt 254: Cinneadh an Bhoird

Cad a chuirfidh an Bord san áireamh?

Agus an t-achomharc á bhreithniú, ní mór don Bhord na nithe seo a leanas a chur san áireamh:

  • pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an cheantair,
  • aon chuid ábhartha den phlean forbartha nó den phlean limistéir áitiúil,
  • líon agus suíomh na bhfearas, an trealaimh nó na struchtúr atá anois ar, faoi, os cionn nó feadh an bhóthair phoiblí, agus
  • áisiúlacht agus sábháilteacht úsáideoirí an bhóthair, coisithe san áireamh.

 

Cad iad na roghanna atá ag an mBord?

Cinnfidh an Bord d'achomharc faoin gceadúnas a cheadú nó a dhícheadú. Ina chinneadh, féadfaidh an Bord treoracha a thabhairt don údarás pleanála chun:

  • an ceadúnas a dheonú, nó
  • an ceadúnas a aistarraingt, nó
  • an ceadúnas a athrú.

Ceanglaítear ar an údarás pleanála Ordú an Bhoird a chomhlíonadh.