Léim go dtí an príomhábhar

FST Iarratais (Pobal): Breithniú aighneachtaí agus tuairimí ón bpobal

Breithniú aighneachtaí agus tuairimí ón bpobal

Mar a cheanglaítear faoi alt 9(1) den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Tithíocht) agus um Thionóntachtaí Cónaithe 2016, sula ndéanann an Bord Pleanála cinneadh ar iarratas FST, cuirfidh sé gach aighneacht agus tuairim bhailí a fuarthas san áireamh, i measc nithe eile.

Anuas air sin, soláthróidh an Bord Pleanála cóipeanna de na haighneachtaí agus tuairimí bailí ar fad don Údarás Pleanála go luath tar éis iad a fháil agus tráth nach déanaí ná trí lá oibre tar éis chríoch na tréimhse comhairliúcháin phoiblí. Ceanglaítear ar an Údarás Pleanála tuarascáil a chur isteach chuig an mBord Pleanála ina leagfar amach, i measc nithe eile, achoimre ar na pointí a tarraingíodh anuas sna haighneachtaí nó sna tuairimí, agus tuairim Phríomhfheidhmeannach an údaráis phleanála ar na haighneachtaí nó tuairimí sin. Breithneoidh an Bord tuarascáil an údaráis phleanála, lena n-áirítear a thuairimí ar na haighneachtaí nó tuairimí, sula ndéanann sé cinneadh ar an iarratas FST.