Léim go dtí an príomhábhar

FST Iarratais (Pobal): Tuairim a chur isteach chuig an mBord Pleanála

Aighneacht nó tuairim a chur isteach chuig an mBord Pleanála

Féadfaidh duine ar bith aighneacht nó tuairim maidir le hiarratas FST a chur isteach chuig an mBord Pleanála. Ní mór aighneacht nó tuairim den sórt sin a chur isteach laistigh de 5 seachtaine ón dáta a fhaigheann an Bord Pleanála an t-iarratas.

Is é €20 an táille chun aighneacht nó tuairim a chur isteach. Má chuirtear aighneacht nó tuairim isteach tar éis éag na tréimhse 5 seachtaine, nó mura mbíonn an táille chuí ag gabháil leis, ní féidir í a bhreithniú agus seolfar ar ais í agus an táille in éineacht léi. Admhófar i scríbhinn go luath tar éis iad a fháil gach aighneacht agus tuairim bhailí a fhaigheann an Bord Pleanála.

Féadfaidh duine ar bith aighneacht nó tuairim ar an iarratas FST a chur isteach chuig an mBord Pleanála, maidir le himpleachtaí na forbartha beartaithe, má chuirtear i gcrích é, do phleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an cheantair, agus na héifeachtaí is dócha a bheadh ag an bhforbairt bheartaithe ar an timpeallacht nó ar láithreán Eorpach, faoi mar a bheadh.

Mar a léirítear in airteagal 302 de na Rialacháin Pleanála agus Forbartha (Forbairt Straitéiseach Tithíochta) 2017, ní mór ainm an té nó an chomhlachta atá ag déanamh na haighneachta nó ag cur tuairime isteach a bheith san aighneacht nó sa tuairim,agus más cuí, ainm an té atá ag gníomhú thar ceann an duine nó an chomhlachta sin. Ní mór seoladh a sholáthar ar féidir aon chomhfhreagras maidir leis an iarratas a chur chuige. Ní mór an t-ábhar, na cúiseanna, na cúrsaí agus na hargóintí ar a bhfuil an aighneacht nó an tuairim bunaithe a bheith leagtha amach go soiléir.
 

Dá bhrí sin le haghaidh aighneacht nó tuairim bhailí a dhéanamh chuig an mBord Pleanála ní mór na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • aighneacht nó tuairim a dhéanamh i scríbhinn,
  • táille €20 a chur leis an aighneacht / tuairim,
  • ainm agus eoladh an té atá ag déanamh na haighneachta nó ag cur tuairime isteach a lua,
  • ábhar na haighneachta nó na tuairime a lua,
  • na cúiseanna, na cúrsaí agus na hargóintí ar a bhfuil an aighneacht nó an tuairim bunaithe a bheith leagtha amach,
  • aigneacht / tuairim faighte ag an mBord Pleanála laistigh den tréimhse 5 seachtaine.