Léim go dtí an príomhábhar

FST Iarratais (Pobal): Cinneadh ar iarratas FST

Cinneadh ar iarratas FST

Agus cinneadh á dhéanamh aige, féadfaidh an Bord Pleanála:

  • cead a dheonú le coinníollacha nó gan choinníollacha
  • cead a dheonú faoi réir mionathruithe
  • cead a dheonú go páirteach, nó
  • cead don fhorbairt bheartaithe a dhiúltú.


Luafar i gcinneadh an Bhoird na príomhchúiseanna agus ábhair ar ar bunaíodh an cinneadh.

Cuirfear cinneadh an Bhoird Phleanála in iúl don uile dhuine nó comhlacht a chuir aighneachtaí nó tuairimí isteach ar an iarratas FST. Foilseoidh an Bord Pleanála fógra nuachtáin ina gcuirfear a chinneadh in iúl don phobal. Déarfar san fhógra:

gur ceadmhach do dhuine amhras a tharraingt ar a bhailí atá cinneadh an Bhoird i bhfoirm iarratas ar athbhreithniú breithiúnach, faoi Ordú 84 de Rialacha na gCúirteanna Uachtaracha (I.R. Uimh.15 de 1986), de réir ailt 50 agus 50A d’Acht 2000.


De bhrí gurb é an Bord Pleanála a dhéanann an cinneadh ar iarratas FST, ní féidir achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh ón mBord Pleanála ar iarratas FST. Le cúrsaí nós imeachta nó dlí a bhainfidh aon athbhreithniú breithiúnach ar chinneadh de chuid an Bhoird Phleanála maidir le hiarratas FST, agus ní achomharc pleanála a bheadh ann.