Léim go dtí an príomhábhar

FST Iarratais (Pobal): Rannpháirtíocht an Phobail

Rannpháirtíocht an Phobail

Féadfaidh an pobal i gcoitinne agus daoine nó comhlachtaí eile a bheith rannpháirteach sa phróiseas pleanála d’Fhorbairtí Straitéiseacha Tithíochta (FST) ag céim an iarratais. Is féidir leis an bpobal aighneacht nó tuairim ar iarratas FST a chur ar aghaidh chuig an mBord Pleanála agus cuirfidh an Bord Pleanála an aighneacht nó tuairim sin san áireamh agus cinneadh á dhéanamh ar an iarratas.

Fógra Poiblí

Sula gcuireann iarratasóir iarratas FST isteach chuig an mBord Pleanála, ní mór di / dó fógra den togra a fhoilsiú i nuachtán atá i gcúrsaíocht i gceantar na forbartha beartaithe. Anuas air sin, ní mór don iarratasóir fógra poiblí a chur in airde ag láithreán na forbartha beartaithe.

Gheofar san fhógra nuachtáin agus san fhógra láithreáin araon cur síos ar nádúr agus méid na forbartha beartaithe mar aon le heolas eile. Cuirfidh na fógraí an pobal ar an eolas faoi na hamanna agus na háiteanna inar féidir an t-iarratas a léamh saor in aisce nó cóip a cheannach ar tháille shonraithe, lena n-áirítear in oifigí an Bhoird Phleanála agus an údaráis phleanála.

Ní mór don iarratasóir suíomh gréasáin a sholáthar inár bhféidir an t-iarratas a léamh. Foilseofar seoladh an tsuímh ghréasáin san fhógra nuachtáin agus san fhógra láithreáin araon. Gheofar sna fógraí eolas ar an tslí ar féidir leis an bpobal aighneacht nó tuairim maidir leis an iarratas a chur isteach chuig an mBord Pleanála. Ní mór don suíomh gréasáin a bheith beo agus ar fáil don phobal go ceann 8 seachtaine ar a laghad tar éis chinneadh an Bhoird Phleanála.