Léim go dtí an príomhábhar

FST Comhairliúchán Réamhiarratais (Údaráis Phleanála): Na chéad chéimeanna eile

Na chéad chéimeanna eile

Tuairim a Eisiúint

Tar éis an chomhairliúcháin réamhiarratais, eisíonn an Bord Pleanála a Thuairim don iarratasóir ionchasach agus don Údarás Pleanála. Gné riachtanach is ea an Tuairim le gur féidir leis an iarratasóir ionchasach dul ar aghaidh go dtí céim an iarratais. Cinntear sa Tuairim cibé an bonn réasúnta le hiarratas iad na doiciméid a cuireadh isteach ag an gcéim réamhiarratais nó an gá breithniú agus leasú eile a dhéanamh orthu chun go mbeidh siad ina mbonn réasúnta le hiarratas
 
Cuirtear an Tuairim ar fáil don phobal ag céim an iarratais.


Comhlachtaí Forordaithe

Eiseoidh an Bord Pleanála liosta comhlachtaí forordaithe don iarratasóir ionchasach, ar gá scéala a chur chucu sula ndéantar an t-iarratas. Is féidir le hiarratasóirí ionchasacha dul i gcomhairle leis na comhlachtaí forordaithe ábhartha agus leis an bpobal roimh an chruinnithe comhairliúcháin réamhiarratais.

Nóta: Comhairliúchán Réamhiarratais leis an mBord

Faoi alt 6(9) den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Tithíocht) agus um Thionóntachtaí Cónaithe 2016, ní dhéanfaidh comhairliúchán a sheolfar faoi alt 6, ná tuairim a bhainfear as faoin alt sin, dochar d’fheidhmiú an Bhoird Phleanála, ná an údaráis nó na n-Údarás Pleanála a mbeadh an fhorbairt straitéiseach tithíochta bheartaithe suite laistigh dá gceantar feidhme, aon cheann eile dá bhfeidhmeanna faoi seach faoi na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 go 2016 nó d’aon achtachán eile agus ní féidir brath air sa phróiseas foirmiúil pleanála nó in imeachtaí dlí.