Léim go dtí an príomhábhar

FST Comhairliúchán Réamhiarratais (Údaráis Phleanála): Tuairim an Údaráis Phleanála

2. Tuairim an Údaráis Phleanála

Nuair a dhéanann iarratasóir ionchasach iarratas ar chomhairliúchán réamhiarratais chuig an mBord Pleanála, ní mór dó/di, ag an am céanna, cóip den iarratas a sholáthar don Údarás Pleanála lena mbaineann (mar a fhoráiltear dó in airteagal 285(4) de na Rialacháin 2017). Ceanglaítear ar an mBord Pleanála na hiarratais seo ar chomhairliúcháin RéamhIarratais a bhailíochtú agus a chlárú.

Cuirfidh an Bord Pleanála scéala chuig an Údarás Pleanála laistigh de dhá sheachtain ón dáta a fuarthas an t-iarratas gur ghlac sé le hiarratas ó iarratasóir ionchasach ar chomhairliúchán réamhiarratais. Ceanglaítear ar an Údarás Pleanála a thuairim ar an FST beartaithe a chur isteach i scríbhinn chuig an mBord Pleanála laistigh de dhá sheachtain den fhógra.

Mar a fhoráiltear faoi Alt 6(4)(b) d’Acht 2016, ba chóir don Údarás Pleanála a thuairim agus na cúiseanna lena thuairim a chur ar aghaidh chuig an mBord Pleanála. Ba chóir go léireofaí sa tuairim cad iad na nithe maidir le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an cheantair, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chinneadh an Bhoird Phleanála maidir leis an FST beartaithe. Ba chóir go bhféachfaí go háirithe d’fhorálacha an phlean forbartha reatha nó don phlean limistéir áitiúil i dtuairim an údaráis phleanála.

Anuas ar an tuairim, ceanglaítear ar an Údarás Pleanála cóip de na taifid de chomhairliúchán alt 247 a chur isteach laistigh de dhá sheachtain den fhógra a bheith faighte go ndearnadh iarratas bailí réamhiarratais chuig an mBord Pleanála.