Léim go dtí an príomhábhar

FST Comhairliúchán Réamhiarratais (Údaráis Phleanála): Cruinniú Comhairliúcháin Réamhiarratais

Cruinniú Comhairliúcháin Réamhiarratais

I láthair

Eiseoidh an Bord Pleanála fógra de dháta an chomhairliúcháin. Déarfar san fhógra seo cad iad na ranna / rannóga den Údarás Pleanála ar chóir ionadaithe a bheith acu ag an gcomhairliúchán. Eiseofar clár oibre don Údarás Pleanála ina n-aibhseofar na príomh-mhíreanna a phléifear ag an gcruinniú Comhairliúchán Réamhiarratais.

Ceanglaítear faoin Alt 6(6) d’Acht 2016 go gcinnteoidh gach Údarás Pleanála go mbeidh oifigigh ón Údarás a mbíonn ag freastal ar an gcruinniú comhairliúcháin ar a son ar an eolas agus ar shaineolas ábhartha faoin faoin ábhar a bheidh á phlé.


Cuspóir an Chomhairliúcháin Réamhiarratais

Is é cuspóir an chruinnithe comhairliúcháin cabhrú leis an mBord Pleanála teacht ar Thuairim faoin alt 6(7) den Acht 2016. Is é an Tuairim i dtrácht cibé an bonn réasúnta le hiarratas iad na doiciméid a cuireadh isteach chuig an mBord Pleanála faoi alt 5(5) nó an gá breithniú agus leasú eile a dhéanamh orthu le go mbeidh siad ina mbonn réasúnta le hiarratas faoi alt 4 d’Acht 2016.

Is cuidiú iad na doiciméid a chuireann an t-iarratasóir ionchasach isteach, agus na ráitis chomhsheasmhachta san áireamh, don Bhord Pleanála agus iad ag teacht ar Thuairim ina bhfuil réasúnaíocht phleanála an iarratasóra ionchasaigh leagtha amach ag féachaint do bheartais agus do chuspóirí ábhartha atá sa phlean forbartha agus i dTreoir an Aire faoi alt 28.

Díreofar le linn an chruinnithe ar na príomhcheisteanna a bhaineann leis an láithreán i dtrácht ar leibhéal straitéiseach for-radhairc. Ní dhéantar aon mheasúnú ar fhiúntas togra ag an gcruinniú comhairliúcháin.
 

Taifid Comhairliúchán

Coimeádfaidh an Bord Pleanála taifead de gach cruinniú comhairliúcháin réamhiarratais maidir le FST, lena n-áirítear ainmneacha iad siúd a bhí páirteach sa chomhairliúchán. Coimeádfar cóip den taifead in éineacht leis na doiciméid lena mbaineann aon iarratas maidir leis an fhorbairt bheartaithe sin. Eiseoidh an Bord Pleanála cóip den taifead don Údarás Pleanála. Cuirfear na taifid sin ar fáil chomh luath is a dhéantar iarratas maidir leis an bhforbairt seo.