Léim go dtí an príomhábhar

FST Comhairliúchán Réamhiarratais (Údaráis Phleanála): Comhairliúchán Alt 247

1. Comhairliúchán Alt 247

Ceanglaítear ar Údarás Pleanála comhairliúcháin alt 247 a thionól le hiarratasóirí ionchasacha laistigh de 4 seachtaine den dáta ar a bhfuarthas an t-iarratas.

Is chun comhairle a chur ar an iarratasóir ionchasach maidir le saincheisteanna a bheadh ina ngnáthchuid d’iarratas, a bhíonn an comhairliúchán seo ann. Ba chóir, sa chomhairliúchán seo, féachaint do Chuid V d’Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú, mar a bhaineann sé leis an FST beartaithe.

Cinnteoidh an t-Údarás Pleanála go gcoimeádfar taifead de na comhairliúcháin seo. Ceanglaítear ar an Údarás Pleanála cóipeanna de na taifid de chomhairliúchán alt 247 a sheoladh chuig an iarratasóir ionchasach.