Oifigeach Fiosrúcháin
Is í Colm Walsh Oifigeach Fiosrúcháin an Choimisiúin Phleanála faoi alt 39(1) den Acht Míchumais 2005. Freagraíonn an tOifigeach Fiosrúcháin gearáin a dhéantar faoi alt 38 den Acht Míchumais 2005 maidir le faillí féideartha an Choimisiúin Phleanála ó thaobh ailt 25, 26, 27, 28 nó 29 den Acht Míchumais 2005 a chomhlíonadh. Chun cabhrú le hOifigeach Fiosrúcháin an Choimisiúin Phleanála do ghearán a fhreagairt, ní mór é a dhéanamh i scríbhinn agus é a sheoladh chugainn i ríomhphost, leis an bpost, i facs nó de láimh chuig an oifig.
Féadfaidh daoine eile gearán a dhéanamh ar do shon, nó is féidir leat do ghearán féin a dhéanamh. Seo iad na daoine ar féidir leo gearán a dhéanamh ar do shon:
- ■ Céile, páirtnéir, tuismitheoir nó gaol,
- ■ Caomhnóir nó duine a ghníomhaíonn in loco parentis don duine sin,
- ■ Ionadaí dlíthiúil,
- ■ Abhcóide pearsanta, a roghnaíonn Bord Eolais na Saoránach chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an duine sin, nó
- ■ duine eile atá ag tathant thar ceann an duine sin lena thoiliú nó lena toiliú.
Tá seicliosta thíos den fhaisnéis a chabhródh leis an Oifigeach Fiosrúcháin gearáin a imscrúdú agus a fhreagairt. Ní gá duit an seicliosta seo a úsáid agus má tá cabhair uait chun gearán a dhéanamh faoi sheirbhísí nach bhfuil teacht orthu, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Rochtana nó leis an Oifig Fiosrúcháin, a chabhróidh leat do ghearán a dhéanamh, más féidir.
Seicliosta chun gearán a dhéanamh faoin Acht Míchumais 2005
- D'ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist teagmhála.
- Cé acu díobh seo atá uait: teacht ar fhaisnéis, teacht ar ár seirbhís, nó teacht ar fhoirgneamh poiblí nó ar áit phoiblí.
Is féidir go dteastóidh uait an méid seo a leanas a chur ar fáil:
- Cibé an bhfuil teacht á lorg agat ar do shon féin nó ar son duine éigin eile?
- Cén roinn den Choimisiún Phleanála a raibh tú ag déileáil léi?
- Cé a casadh ort? Tabhair ainm nó ainmneacha na mball foirne más féidir.
- Cén dáta nó cé na dátaí a bhí i gceist?
- Cad a bhí ag teastáil uait? Tabhair sonraí, le do thoil.
- Conas nó cén fáth nach raibh teacht agat ar an tseirbhís, ar an fhaisnéis nó ar an bhfoirgneamh i dtrácht?
- Cérbh é freagra an té/na ndaoine a raibh tú ag déileáil leo?
- Ar tugadh aon ghealltanas duit go mbeidh teacht agat ar an tseirbhís, ar an bhfaisnéis nó ar an bhfoirgneamh ag dáta eile sa todhchaí? Tabhair sonraí, le do thoil.
- Cén fáth a raibh tú míshásta leis an bhfreagra nó leis an ngealltanas a tugadh?
Leis an bpost / De láimh:
Gearán faoi Alt 38 den Acht Míchumais
An Príomhoifigeach, An Coimisiún Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902
Ríomhphost:
bord@pleanala.ie "Gearán faoi Alt 38 den Acht Míchumais" sa líne ábhair.
Cad a tharlaíonn tar éis gearán a dhéanamh?
Nuair a fhaigheann an Príomhoifigeach do ghearán, cuirfear ar aghaidh é chuig an Oifigeach Fiosrúcháin. Tar éis do ghearán a fháil, admhóidh an tOifigeach Fiosrúcháin laistigh de chúig lá oibre go bhfuarthas é, scrúdóidh sé nó sí an mhainneachtain comhlíonta, agus cuirfidh sé nó sí tús le himscrúdú (ach amháin i gcás go measfar an gearán a bheith suaibhreosach nó cráiteach).
Imscrúdú
- Déanfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin an gearán a imscrúdú go príobháideach leis an bhfaisnéis atá curtha ar fáil agat. Coimeádfaidh an tOifigeach taifead scríofa den imscrúdú agus ullmhófar tuairisc scríofa.
- Is féidir go mbeidh eolas eile de dhíth chun cabhrú leis an Oifigeach Fiosrúcháin do ghearán a imscrúdú. Is féidir go dtabharfar spriocdháta duit leis an bhfaisnéis a chur isteach.
- Féadfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin dul i gcomhairle le páirtithe uile nó iad a chur faoi agallamh má bhraitheann sé/sí a bheith cuí i gcúrsa an imscrúdaithe.
Freagra agus Tuairisc an Oifigigh Fhiosrúcháin
- Seolfar freagra laistigh de 21 lá oibre (nó tabharfar fógra duit i gcás go dtógfaidh sé tréimhse níos faide)
- Leagfar amach sa tuarascáil fionnachtana agus cinntí maidir le comhlíonadh an Achta um Míchumas.
- Más rud é go n-aimseofar mainneachtain, luafar sa tuarascáil na bearta is gá chun an scéal a réiteach.
Athbhreithniú Inmheánach ar Thorthaí agus Cinneadh an Oifigigh Fhiosrúcháin
- Mura bhfuil tú sásta le torthaí agus cinneadh an Oifigigh Fhiosrúcháin, is féidir leat athbhreithniú inmheánach ar a dtorthaí agus cinneadh a iarraidh. Ball níos sinsearaí foirne a dhéanfaidh an t-athbhreithniú inmheánach.
- Admhóidh an ball foirne d'iarratas laistigh de 5 lá oibre, athscrúdóidh siad do ghearán agus freagróidh siad thú laistigh de 21 lá oibre.
Mura bhfuil tú sásta le freagairt an Bhoird Phleanála ar do ghearán, is féidir go dteastóidh uait an cheist a tharchur chuig Oifig an Ombudsman.
Firefox
Safari
Chrome
Opera
Edge