Léim go dtí an príomhábhar

7ú Sceideal FBS (Údaráis Phleanála): Iarratas chuig an mBord ar Chead – Alt 37E

4. Iarratas chuig an mBord ar Chead – Alt 37E

4.1 Fógra Iarratais

Ní ceadmhach iarratas a dhéanamh ar chead pleanála maidir le forbairt a liostaítear sa 7ú Sceideal den Acht chuig an mBord nó chuig údarás pleanála ach sa chás go bhfuil a thuairim tugtha ag an mBord faoi alt 37E cibé an bonneagar straitéiseach a bheadh san fhorbairt bheartaithe nó nach ea. Má thagann sé ar an tuairim gur bonneagar straitéiseach a bheadh ann, ní feidir an t-iarratas a dhéanamh chuig an údarás pleanála; ní mór aon iarratas dá shórt a dhéanamh go díreach chuig an mBord.

Sula ndéantar iarratas chuig an mBord ar chead faoi alt 37E, ní mór don iarratasóir ionchasach fógraí maidir leis an iarratas sin a fhoilsiú agus a iarraidh go ndéanfaí aighneachtaí agus tuairimí chuig an mBord laistigh de thréimhse ama sonraithe (nach lú ná 6 seachtaine), cóipeanna den iarratas, den TMTT agus i gcás inar cuí an RTN a chur chuig aon chomhlacht forordaithe agus chuig an údarás pleanála/na húdaráis phleanála ar ina limistéar a bheadh an fhorbairt bheartaithe suite. Ní mór é a lua san fhógra i gcás aighneachtaí nó tuairimí dá sórt, gur gá an t-ábhar, na dálaí agus na hargóintí ar a bhfuil siad bunaithe a leagadh amach ina n-iomláine agus gur faoi lánrogha an Bhoird a bheidh sé cibé an seolfar éisteacht ó bhéal nó nach seoltar.

I gcás nach sonraítear sna Rialacháin líon na gcóipeanna den iarratas den TMTT agus den RTN a chuirfidh an t-iarratasóir ionchasach chuig an údarás pleanála/na húdaráis phleanála, ní mór ar a laghad cúig chóip chrua agus dhá chóip leictreonacha a chur chuig an mBord.

De ghnáth iarrfaidh an Bord fógraí a bheith foilsithe i nuachtán náisiúnta agus i nuachtán áitiúil arna gceadú ag an údarás pleanála iomchuí don limistéar ina mbeadh an fhorbairt bheartaithe suite.

Ar iarratas ar fhorbairt bonneagair straitéisigh a bheith déanta chuig an mBord, níor cheart don údarás pleanála faisnéis bhreise a iarraidh ar an iarratasóir, de bhrí nach cuid den iarratas a bheadh i gcomhfhreagras ná i bhfaisnéis dá sórt, agus nach mbeidís san fhearann poiblí.

Ar ais go barr
 

4.2 Tuarascáil an Údaráis Phleanála

I gcás ina ndéantar iarratas ar chead faoi alt 37E, ní mór don údarás pleanála/do na húdaráis phleanála, de réir alt 37E (4) den Acht, tuarascáil a réiteach agus a chur chuig an mBord laistigh de 10 seachaine den iarratas a bheith déanta chuig an mBord. Meastar nach ndeonófar síneadh ama ach amháin i gcúinsí fíoreisceachtúla. Is éard a bheidh sa tuarascáil tuairimí an údaráis ar éifeachtaí na forbartha beartaithe ar an timpeallacht, na héifeachtaí dóchúla ar aon láithreán Eorpach iomchuí, agus ar phleanáil chuí agus ar fhorbairt inbhuanaithe limistéar an údaráis, ag féachaint go sonrach do na nithe a shonraítear in alt 34(2) d'Acht 2000.

Ba cheart d’Údaráis Phleanála a thabhairt dá n-aire go mbaineann an tréimhse deich seachtaine seo le hiarratais 37E amháin agus ní bhaineann sí le bonneagar leictreachais, gáis ná Stáit nó le bonneagar ordú iarnróid. Sna cásanna sin, ní mór aighneachtaí an údaráis phleanála a bheith taiscthe laistigh den tréimhse ama chéanna a bhíonn ag an bpobal chun aighneachtaí a dhéanamh.

Iarrtar ar an údarás pleanála scrúdú luath a dhéanamh ar na doiciméid a chuirtear chuige féachaint an leor iad chun críocha tuarascáil a ullmhú. Ba cheart aon easpa a bhraitear orthu a chur in iúl don Bhord i scríbhinn ag céim luath.

Sula gcuirtear an tuarascáil maidir leis an bhforbairt bheartaithe faoi bhráid an Rialtais, ní mór do bhainisteoir an údaráis phleanála cóip den tuarascáil a chur chuig comhaltaí an údaráis dá dtuairimí, agus ní mór aon mholadh a dhéanann siad, i bhfoirm rúin, mar aon le taifead an riarthóra, a cheangal den tuarascáil. Ba cheart an tuarascáil a chur chuig an mBord ansin i gcóip chrua. (Féach, leis, alt 7 a leanas maidir le saincheisteanna ar cheart díriú orthu de ghnáth sa tuarascáil.)

Ar ais go barr



4.3 Aighneachtaí nó Tuairimí

Féadfaidh duine nó comhlacht ar bith aighneacht nó tuairim a dhéanamh maidir le hiarratas ar chead laistigh den tréimhse ama a shonraítear san fhógra poiblí maidir leis na héifeachtaí ar phleanáil chuí agus ar fhorbairt inbhuanaithe an limistéir, ar an timpeallacht agus ar aon láithreán Eorpach i gcás inar cuí. Gearrtar €50 de tháille i gcás aighneachtaí dá sórt ach amháin i gcás comhlachtaí forordaithe (ní bhíonn ar an údarás pleanála ina cháil mar chomhlacht forordaithe an táille seo a íoc). De ghnáth ní ceadmhach aighneachtaí nó tuairimí chuig an mBord a fhormhíniú. Ach d’fhéadfadh an Bord iarraidh ar dhuine ar bith aighneacht nó tuairim a fhorléiriú, agus d’fhéadfadh an t-údarás pleanála a bheith ar áireamh ansin. Le cois thuarascáil an údaráis phleanála dá dtagraítear ag (2) thuas, féadfaidh an Bord iarraidh ar an údarás pleanála iomchuí breis eolais a sholáthar maidir le héifeachtaí na forbartha beartaithe ar phleanáil chuí agus ar fhorbairt inbhuanaithe an limistéir agus ar an timpeallacht. Bheadh tréimhse ama chun freagairt a dhéanamh luaite in iarraidh mar sin. Ba cheart gach aighneachta dá sórt a dhéanamh i gcóip chrua.

Ní mór don Bhord féachaint do gach aighneacht a dhéantar maidir leis an bhforbairt bheartaithe i gcás ina ndéantar iad de réir an Achta nó de réir na Rialachán, agus ní mór é sin a bheith ráite i gcinneadh an Bhoird i dtaca leis an iarratas pleanála

Ar ais go barr


4.4 Éisteachtaí ó Bhéal / Cruinnithe

Faoi lánrogha an Bhoird a bheidh sé éisteacht ó bhéal a sheoladh. Is é beartas an Bhoird seoladh éisteacht ó bhéal a ordú i gcoitinne i gcásanna dá sórt, ach ní ceadmhach dó é sin a dhéanamh i ngach cás, go háirithe i gcás ina measann an Bord go bhféadfaí nádúr na saincheisteanna atá ag teacht chun cinn a mheasúnú go leordhóthanach agus go cuí i bhfoirm aighneachtaí scríofa. I gcás ina seolfar éisteacht ó bhéal, cuirfear fógra maidir leis chuig an údarás pleanála agus beifear ag súil go mbeidh an t-údarás i láthair agus rannpháirteach. Áireofar air sin oifigigh Ranna ábhartha an údaráis phleanála a bheith i láthair. I gcás ina seoltar éisteacht ó bhéal, faoi lánrogha an chigire a bheidh sé an tslí ina reáchtálfar é a shocrú agus de ghnáth scaipfear clár oibre roimh ré. Lena chois sin, faoi lánrogha an Bhoird a bheidh sé, ag brath ar nádúr na forbartha beartaithe agus na saincheisteanna a thagann chun cinn, agus tar éis moladh an chigire a fháil, breithniú a dhéanamh cibé ar chóir clár oibre teoranta a chur i bhfeidhm maidir leis an éisteacht ó bhéal. Cuirfidh an Bord gach páirtí ar an eolas i scríbhinn má dhéantar cinneadh dá shórt.

Le cois éisteacht ó bhéal a sheoladh, is faoi lánrogha an Bhoird atá sé cruinniú a bheith aige leis an iarratasóir nó le haon duine nó le haon chomhlacht eile má mheastar go mbeadh sé caoithiúil nó riachtanach chun aon cheist a réiteach. D'fhéadfaí cruinniú dá shórt a sheoladh roimh an éisteacht ó bhéal, le linn don éisteacht a bheith ar athló nó tar éis na héisteachta ó bhéal, agus d’fhéadfadh an t-údarás pleanála a bheith bainteach leis in éineacht leis an iarratasóir nó gan an t-iarratasóir. I gcás ina seoltar cruinniú dá shórt ní mór don Bhord taifead scríofa a choimeád den chruinniú agus é a chur ar fáil d’iniúchadh an phobail. Cuirfear cóip den taifead in éineacht le doiciméid an iarratais phleanála agus cuirfear cóip de chuig an údarás pleanála iomchuí lena chur i gceangal leis an gcomhad a chuirfear ar fáil d’iniúchadh an phobail ag oifigí an údaráis phleanála fad a bhíonn an t-iarratas á phróiseáil.

treoirlínte ar leith eisithe ag an mBord maidir leis na nósanna imeachta atá le leanúint in éisteachtaí ó bhéal.

Ar ais go barr



4.5 Iniúchadh an Phobail ar Chomhaid – Ról an Údaráis Phleanála

Ceanglaítear faoin Acht na doiciméid a bhaineann le hiarratas ar chead a bheith curtha ar fáil d'iniúchadh an phobail. Ní mór don fhógra poiblí na hamanna agus na háiteanna agus an tréimhse ar féidir an t-iarratas a iniúchadh agus a cheannach lena linn a shonrú, agus aighneachtaí nó tuairimí a iarraidh lena gcur chuig an mBord. Ní mór taifid d'aon chruinniú a sheoltar a chur in éineacht le doiciméid an iarratais phleanála. Ba cheart aon eolas breise a chuirtear isteach mar fhreagairt ar iarraidh ón mBord a chur in éineacht le doiciméid an iarratais phleanála, leis. Sula gcinntear iarratas, faoi lánrogha an Bhoird a bheidh sé aon eolas a bhaineann leis an iarratas a chur ar fáil d'iniúchadh an phobail agus an pobal a chur ar an eolas go bhfuil sé ar fáil.

Iarrtar ar an údarás pleanála comhad poiblí a choimeád ag a oifigí maidir leis an iarratas, cosúil leis na comhaid a choinníonn sé i láthair na huaire i dtaca le comhaid iarratais phleanála faoin alt 34, agus ba cheart gach doiciméad a chur ar an gcomhad sin agus é a chur ar fáil d'iniúchadh an phobail. Coimeádfaidh an Bord comhad dá shórt ag a oifigí, leis. Ach amháin i gcás doiciméid an iarratais phleanála, an TMTT agus i gcás inar cuí an RTN a cuireadh isteach leis an iarratas agus nach mór don iarratasóir a chur ar aghaidh chuig an údarás pleanála, cuirfidh an Bord gach eolas ar aghaidh chuig an údarás pleanála nó déanfaidh sé socrú chun an t-eolas sin a bheith curtha ar aghaidh. I gcás ina n-iarrann an Bord RTN ón iarratasóir tar éis an t-iarratas a bheith taiscthe agus go bhfaightear é, cuirfidh sé an RTN ar aghaidh chuig an údarás pleanála in éineacht le fógra ina ndéarfar gur féidir aighneachtaí a chur faoi bhráid an Bhoird laistigh de thréimhse shonraithe maidir leis na héifeachtaí is dócha a bheadh ag an fhorbairt bheartaithe ar láithreán Eorpach dá ndéanfaí é. Ní mór an comhad a uasdátú chun aighneachtaí a dhéantar chuig an mBord le linn phróiseáil an iarratais a chur san áireamh.

De ghnáth ceanglóidh an Bord ar an iarratasóir an t-iarratas a chur ar fáil d'iniúchadh an phobail ar láithreán Gréasáin neamhspleách agus i gcásanna áirithe in áiteanna eile.

Tar éis chinneadh an iarratais, cuirfear cóip de chinneadh agus de threoir an Bhoird in éineacht le doiciméid an iarratais agus beidh teacht ag an bpobal ar an gcomhad le linn ghnáthuaireanta oibre in oifigí an Bhoird ar feadh tréimhse nach lú ná cúig bliana. Meastar go ndéanfaidh an t-údarás pleanála socruithe comhchosúla.

Ar ais go barr



4.6 Cuspóir Reachtúil

Is é dualgas an Bhoird a chinntiú go dtugtar comhairliúcháin réamhiarratais chun críche agus go ndéantar cinntí ar iarratais a ghasta is féidir i gcomhréir le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an limistéir, agus moill a sheachaint. Ceanglaítear ar an mBord, leis, iarrtais ar fhaisnéis maidir le TMTT a chomhlíonadh a luaithe is praiticiúil. Tá dualgas reachtúil ar an mBord cinneadh a dhéanamh ar iarratas alt 37E laistigh de 18 seachtaine ag tosú ar an lá deireanach ar ar féidir leis an bpobal aighneachtaí nó tuairimí a dhéanamh. Is den tábhacht é freagraí prasa tráthúla a fháil ón údarás pleanála ar ionchuir atá ag teastáil ón mBord ag céimeanna difriúla den phróiseas bonneagair straitéisigh le gur féidir leis an mBord cás-obair a chur de láimh go gasta.

Ar ais go barr



4.7 Coinníollacha

Agus cinneadh á dhéanamh chun cead a dheonú faoi alt 37E i leith forbairt bonneagair straitéisigh, d'fhéadfadh an Bord coinníollacha a chur ag gabháil leis sa ghnáthshlí faoi alt 34(4) d'Acht 2000. I gcás inar gá ceadúnas CCRT nó ceadúnas dramhaíola, ní ceadmhach don Bhord coinníollacha a fhorchur maidir le rialú astaíochtaí ón ngníomhaíocht a dteastaíonn cead lena haghaidh. Féadfaidh an Bord iarraidh ar an údarás pleanála liosta coinníollacha a chur ar fáil mar chuid dá aighneacht ar an gcás, coinníollacha a theastódh uaidh go leagfaí síos dá gcinnfeadh an Bord cead a dheonú.

4.7.1 Ranníocaíochtaí airgeadais Alt 48/49

Féadfaidh an Bord coinníollacha maidir le scéim ranníocaíocht airgeadais / ranníocaíocht fhorlíontach nó ranníocaíocht speisialta a chur ag gabháil leis faoi ailt 48 agus 49 d’Acht 2000, arna leasú. Is den tábhacht é, mar sin, go gcuirfeadh an t-údarás pleanála ar áireamh lena thuarascáil ráiteas ina leagfaí amach a thuairimí ar céard iad na ranníocaíochtaí airgeadais, más ann dóibh, faoi na hailt sin ar cheart a chur ag gabháil leis dá gcinnfeadh an Bord cead a dheonú. Ar áireamh i ráiteas mar sin bheadh na ríomhaireachtaí mionsonraithe a bheadh i gceist agus na cúiseanna leis na coinníollacha molta. Bheadh sé sin gan dochar do thuairim an údaráis i gcás ina measann sé gur cheart cead a dhiúltú. Go háirithe, is gá sonraí iomlána na ríomhaireachtaí do ranníocaíochtaí speisialta.

4.7.2 Tairbhe don Phobal

Féadfaidh an Bord coinníollacha maidir le ‘tairbhe don phobal’ a fhorchur, .i. ag ceangal saoráid a thógáil nó a mhaoiniú, go hiomlán nó go páirteach, nó seirbhís a sholáthar nó a mhaoiniú, go hiomlán nó go páirteach, sa cheantar. Níor cheart d’aon choinníoll dá shórt a bheith chomh mór sin go mbainfeadh sé go substaintiúil den té a n-oibríonn an cead ina fhabhar nó ina fabhar, na buntáistí is dócha a thiocfaidh den deonú. Is den tábhacht é aire a bheith dírithe i dtuarascáil an bhainisteora chuig an mBord ar aon áis nó seirbhís sa cheantar a bheadh, i dtuairim an údaráis, ina 'thairbhe don phobal' agus a d'fhéadfadh a bheith oiriúnach mar choinníoll a ghabhfadh le deonú ceada.

4.7.3 Úsáid Tailte Tadhlacha a Rialú

Ar áireamh in Acht 2006 tá foráil leasaithe a cheadaíonn coinníollacha a chur ag gabháil leis an gcead maidir le húsáid tailte atá tadhlach, teorantach nó comharsanach leis an láithreán iarratais, agus atá faoi rialú an iarratasóra. Ní mór d’aon choinníoll dá shórt a bheith caoithiúil chun críocha nó i dtaca leis an bhforbairt nó a bheith oiriúnach chun áis phoiblí a chaomhnú ar thailte atá tadhlach, teorantach nó comharsanach leo, ach ní ceadmhach dóibh ualach míchuí a chur ar an té a n-oibríonn an cead ina fhabhar nó ina fabhar. Arís, ba cheart do thuarascáil an Bhainisteora díriú ar an gceist seo, más cuí.

4.7.4 Nithe a bheidh le hAontú

Féadfaidh coinníollacha foráil a dhéanamh chun mionsonraí a bhaineann le deonú ceada a bheith aontaithe idir an t-údarás áitiúil / na húdaráis áitiúla agus an té a bheidh i mbun na forbartha, agus d’éagmais comhaontaithe féadfar an t-ábhar a chur ar aghaidh go dtí an Bord dá gcinneadh. Ba cheart d’údaráis phleanála dul i mbun oibre leis an iarratasóir a ghasta is féidir le cinntiú nach gcuirtear moill mhíchuí ar an bhforbairt.

Ar ais go barr



4.8 Cinneadh an Bhoird agus Costais Réasúnta

Féadfaidh an Bord cead a dheonú le mionathruithe nó gan mhionathruithe i gcás na forbartha ar fad, nó cuid de, agus coinníollacha a chur ag gabháil leis, nó cead a dhiúltú.

Ní mór don Bhord cóip dá chinneadh a chur chuig an iarratasóir, chuig an údarás pleanála agus chuig duine nó comhlacht ar bith eile a rinne aighneacht nó tuairim i dtaca leis an iarratas.

Ní mór na nithe seo a leanas a bheith luaite i gcinneadh an Bhoird:

  • na príomhchúiseanna leis an gcinneadh agus na gnéithe a raibh tionchar acu ar an gcinneadh,

  • an phríomhchúis le haon choinníoll a cuireadh ag gabháil leis,

  • gur thug an Bord aird ar aon aighneacht nó tuairim a fuarthas de réir an Achta nó na Rialachán,

  • an méid airgid a bheidh le híoc leis an mBord i leith chostas na gcomhairliúchán réamhiarratais, comhairle maidir leis an bhfaisnéis a bheadh san TMTT agus cinneadh an iarratais agus aon chostas a mheasann an Bord a bheith réasúnta d’aon údarás pleanála a thabhaigh costais i gcúrsa bhreithniú an iarratais. Lena chois sin, féadfaidh an Bord méid a bhronnadh mar ranníocaíocht i leith chostais réasúnta arna dtabhú ag aon duine nó aon chomhlacht eile i gcúrsa bhreithniú an iarratais.

De réir alt 37H (1A) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú, ceanglaítear ar an mBord fógra dá chinneadh a fhoilsiú faoi alt 37G i nuachtán amháin nó níos mó atá i gcúrsaíocht sa cheantar. Ní mór é a bheith ráite san fhógra gur féidir le duine bailíocht an chinnidh a cheistiú de réir alt 50 den Acht. Ní mór é a bheith ráite san fhógra, leis, an áit is féidir faisnéis phraiticiúil a fháil ar an modh achomhairc.

I gcás ina gcinneann an Bord cead pleanála a dheonú, ní thiocfaidh an deonú i bhfeidhm go dtí go mbeidh gach costas a dhámh an Bord íoctha. Muna n-íoctar na costais, féadfaidh an Bord, an t-údarás pleanála agus gach duine eile a ndámhtar costais dóibh, aisghabháil a lorg mar fhiach simplí in aon chúirt dlínse inniúla. Tá tréimhse tríocha lá socraithe ag an mBord mar an tréimhse ar cheart don iarratasóir costais a íoc lena linn sula dtionscnaítear caingean chun a chostais féin a aisghabháil.

Ba cheart don údarás pleanála a éileamh ar chostais a chur faoi bhráid an Bhoird ag an am /na hamanna cuí agus níor mhór dó a bheith mionsonraithe agus inchosanta ina iomláine. Ba cheart an t-éileamh a bheith curtha isteach laistigh de thrí seachtaine ó chríoch aon éisteacht ó bhéal, nó i gcás nach raibh éisteacht ó bhéal ann, laistigh de thrí seachtaine ó fhógairt an ní sin. I gcás ina n-iarrann an Bord faisnéis bhreise, ina n-athosclaítear an éisteacht ó bhéal nó ina mbíonn cruinniú ann tar éis éileamh a bheith curtha isteach, ba cheart don údarás pleanála éileamh forlíontach a chur chuig an mBord laistigh de thrí seachtaine ó dhéanamh na haighneachta nó ó chríoch na héisteachta nó an chruinnithe.

I gcoitinne, ní mheastar go bhfostódh an t-údarás pleanála comhairle speisialtóra ag súil leis go n-iarrfadh an Bord ar an iarratasóir costas aon seirbhísí comhairleachta dá sórt a íoc gan fógra a bheith curtha chuig an mBord agus dul i gcomhairle leis roimh ré. Déanfar amhlaidh chun dúbailt chostais an údaráis pleanála agus an Bhoird a sheachaint. Tá sé inmhianaithe, más gá dul i gcomhairle leis an mBord i dtaca le fostú sainchomhairleoirí, go ndéanfaí é go luath tar éis an t-iarratas ar chead a bheith faighte.

Ar ais go barr