Léim go dtí an príomhábhar

Iarratais MC - Alt 177AE: Cúrsaí Riaracháin

4. Cúrsaí Riaracháin

4.1 Feidhmiú: Foráiltear in Airteagal 249 de na Rialacháin Pleanála agus Forbartha, 2001 (arna leasú ag na Rialacháin Pleanála agus Forbartha (Leasú) (Uimh. 3) 2011 go seolfaidh údarás áitiúil, agus iarratas á dhéanamh aige chuig an mBord:

  • 3 chóip de phleananna agus de shonraí na forbartha beartaithe,
  • 3 chóip den tuarascáil tionchair Natura maidir leis an bhforbairt bheartaithe,
  • cóip den fhógra a foilsíodh faoi alt 177AE(4)(a), agus
  • liosta de na comhlachtaí dár seoladh an fógra faoi alt 177AE(4)(b), cóip de gach fógra agus léiriú ar an dáta ar ar seoladh an fógra.

I ngach cás caithfidh ceann amháin de na triú chóip a luaitear thuas a bheith ina chóip bhog (e.g. CD, pdf). Pleananna agus sonraí ina bhfuil dath ar an gcóip chrua, ní mór dath a sholáthar san fhoirm leictreonach. Ar an tslí chéanna, má bhíonn dath san fhoirm leictreonach caithfear dath a sholáthar sa chóip chrua.

4.2 Údaráis / Fógraí Forordaithe: Faoi alt 177AE(4)(b) den Acht um Pleanáil agus Forbairt (leasú), ceanglaítear ar údarás áitiúil an t-iarratas a fhógairt do gach údarás forordaithe lena mbaineann.

Ba cheart cóip den iarratas agus den tuarascáil tionchair Natura a bheith ar áireamh san fhógra chuig gach údarás forordaithe; is leor formáid leictreonach de ghnáth ach amháin i gcás ina n-iarrann údarás forordaithe cóip chrua. Ba cheart go ndéarfaí san fhógra gur féidir aighneachtaí nó tuairimí a chur ar aghaidh chuig an mBord Pleanála agus ba cheart an tréimhse ar ceadmhach aighneachtaí nó tuairimí a chur isteach lena linn a bheith ionann agus an tréimhse chun aighneachtaí nó tuairimí a chur isteach lena linn a tugadh sna fógraí nuachtáin (nach lú ná 6 seachtaine).

Ba cheart go ndéarfaí san fhógra, leis, gur féidir aighneachtaí nó tuairimí a chur isteach maidir le gach ceann de na nithe ábhartha dá dtagraítear in alt 3(1) thuas.

Foráiltear in Airteagal 251 de na Rialacháin Pleanála agus Forbartha, 2001, arna leasú ag na Rialacháin Pleanála agus Forbartha (Leasú) (Uimh.3) 2011 go mbeidh na húdaráis forordaithe ar mhaithe le halt 177AE (4) ionann agus na húdaráis forordaithe ar mhaithe le halt 175(4) d'Acht na bliana 2000 faoi mar atá leagtha amach in airteagal 121 (leasú).

4.3 Fógraí Poiblí: Leagtar amach in A 177AE(4)(a) foirm agus ábhar an fhógra phoiblí is gá ó údaráis áitiúla. Áirítear air sin an riachtanas chun fógra a fhoilsiú i nuachtán áitiúil amháin ar a laghad. Ní ghearrtar táille ar an bpobal chun aighneacht a dhéanamh.

4.4 Éisteachtaí ó Bhéal: Féadfaidh an Bord Pleanála cinneadh a dhéanamh éisteacht ó bhéal a thionóil mar chuidiú chun iarratas a chinneadh (cé nach eilimint riachtanach é sin). Agus an cinneadh á dhéánamh an dteastaíonn éisteacht ó bhéal nó nach dteastaíonn, cuirfear san áireamh scála, nádúr, méid agus castacht an cháis agus nádúr na n-aighneachtaí a fuarthas agus faoi lánrogha an Bhoird amháin a bheidh sé. De ghnáth tionólfaidh an Bord Pleanála éisteacht ó bhéal i gcás ina mbaineann iarratas ar chead go hiomlán nó go páirteach le hordú ceannaigh éigeantaigh maidir le talamh a bhfuarthas agóidí maidir leis an ordú agus ina gceanglaítear ar an mBord an t-ordú ceannaigh éigeantaigh a dheimhniú dá réir.

4.5.Costais: Ordóidh an Bord Pleanála don údarás áitiúil íocaíocht a dhéanamh leis an mBord i leith costais réasúnta a thabhaíonn sé (alt 177AE (9)). Ach an doiciméadú iarratais a bheith soiléir agus cuimsitheach, beidh ar chumas an Bord Pleanála an cás a scrúdú go héifeachtach.

4.6 An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil: Tá forálacha áirithe maidir le forbairtí beartaithe i dtaca le gníomhaíocht dá dteastaíonn ceadúnas comhtháite rialú truaillithe nó ceadúnas dramhaíola (alt 177AE(10)).

4.7 Forbairtí Bóthair: Caithfidh forbairtí bóthair de chuid údaráis áitiúla nach dteastaíonn ráiteas tionchair timpeallachta maidir leo, ach a dteastaíonn measúnacht chuí, a bheith mar ábhar le hiarratas faoi a. 177AE (airteagal 15 de Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Measúnacht Tionchair Comhshaoil agus Gnáthóga), 2011).

4.8 Ráiteas Tionchair Timpeallachta agus Tuarascáil Tionchair Natura: I gcás forbairt bheartaithe ina dteastaíonn ráiteas tionchair timpeallacha agus tuarascáil tionchair Natura, is leor iarratas amháin. Ach caithfidh an t-údarás áitiúil riachtanais ailt 175 agus 177AE faoi seach a chomhlíonadh, e.g. ní mór tagairt agus cur síos a bheith déanta san fhógra poiblí a ghabhann leis ar an bhforbairt bheartaithe mar ábhar an ráitis tionchair timpeallacha agus na tuarascála tionchair Natura (airteagal 15 de Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Measúnacht Tionchair Comhshaoil agus Gnáthóga), 2011). Baineann na forálacha seo le cásanna bóthair de chuid na n-údarás áitiúil, leis, faoi a. 50 d'Acht na mBóithre ina dteastaíonn ráiteas tionchair timpeallacha agus tuarascáil tionchair Natura.