Léim go dtí an príomhábhar

Iarratais MC - Alt 177AE: Pleananna, Sonraí agus Nithe Tábhachtacha Eile

3. Pleananna, Sonraí agus Nithe Tábhachtacha Eile

3.1 Leagtar amach sa roinn seo an t-eolas 'ginearálta’ a éilíonn an Bord Pleanála faoi phleananna, sonraí agus nithe tábhachtacha eile. Ag brath ar nádúr, scála agus castacht na forbartha beartaithe agus na timpeallachta glactha, ní gá go dteastódh an t-eolas ar fad a thuairiscítear faoi na ceannteidil thíos. Ba cheart d'údaráis áitiúla leas a bhaint as a gcuid eolais ar an réimse agus ar a saineolas le fáil amach cén t-eolas a bheadh ag teastáil i gcás ar bith.

3.2 D'fhéadfadh sé go dteastódh ón údarás áitiúil tuarascálacha éagsúla a chomhcheangal in aon imleabhar amháin ag brath ar chúrsaí. D'áireofaí ansin an Tuarascáil tionchair Natura agus aon tráchtaireacht bhreise maidir le cúrsaí ábhartha pleanála agus an éifeacht is dócha a bheidh acu ar an timpeallacht.

Pleananna:

Ba cheart nádúr agus méid na forbartha beartaithe a thuairisciú ina hiomláine i bhfoirm líníochtaí, lena n-áirítear

  • éarscáil de shuíomh an láithreáin
  • plean scálaithe de leagan amach an láithreáin
  • pleananna, ingearchlónna agus gearrthacha de gach gné den fhorbairt bheartaithe a bhfuil cead á lorg ina leith:
  • A fhad is a bhaineann sé leis an iarratas ar chead atá á dhéanamh agus ag féachaint do na riachtanais shainiúla atá leagtha amach in a.177AE,
    ba cheart suntas a thabhairt d'fhorálacha airteagail 23 agus 83 de na Rialacháin Phleanála agus Forbartha, 2001 (leasú) ó thaobh pleananna, líníochtaí agus léarscáileanna a chur ar aghaidh.
  • I gcás ina mbaineann an t-iarratas le forbairt bheartaithe i bhfad ó lonnaíocht aitheanta, ba cheart don léarscáil de shuíomh an láithreáin suíomh an láithreáin forbartha beartaithe a aithint maidir leis an lonnaíocht inaitheanta is gaire.
  • Ba cheart sonraí maidir leis an innealra, an bonneagar nó an trealamh beartaithe (mar shampla tograí maidir le háiseanna le haghaidh cóireáil fuíolluisce nó maidir le píblínte uisce) a sholáthar, a mhéad is féidir. Ba cheart go n-áireofaí air sin pleananna agus ingearchlónna (lena n-áirítear na struchtúir dár féidir iad a ghreamú), gearrthacha agus sonraíochtaí teicniúla.
  • Ráitis ar an modheolaíocht tógála ina sonrófar go hiomlán gach gné den fhorbairt bheartaithe lena n-áirítear suíomh aon cheann díobh seo: compún láithreáin, carrpháirceáil, limistéar stórála ábhar, murlach agus mar sin de, agus bearta maolaithe i gcás ina mbeartaítear iad.

Sonraí:

Maidir le na héifeachtaí is dócha a bheidh ag an bhforbairt bheartaithe ar an timpeallacht:

  • cur síos ar gach gné den fhorbairt bheartaithe lena n-áirítear sonraí de na céimeanna tógála agus oibríochta agus tionchar, astaíochtaí dóchúla agus/nó sceitheadh, céimeanna na hoibre, agus aon bheart maolaithe atá beartaithe;
  • struchtúir chosanta, Limistéar Caomhantais Ailtireachta, suíomhanna seandálaíochta nó séadchomharthaí ársa nó gnéithe eile den oidhreacht thógtha a mbeidh tionchar díreach orthu nó atá láimh leis an suíomh agus a bhféadfadh tionchar a bheith aige orthu;
  • tionchar ar shuíomhanna ainmnithe eile ar nós Limistéar Oidhreachta Nádúrtha;
  • a dhóthanaí atá an soláthar uisce poiblí nó aon soláthar uisce eile;
  • áiseanna séarachais phoiblí agus a chumas freastal ar an bhforbairt bheartaithe;
  • infhaighteacht agus acmhainn aon áiseanna draenála uisce dromchla agus aon stair tuillte a bheadh ábhartha maidir leis an suíomh;
  • measúnacht i ndáil le riosca tuillte de réir An Chórais Pleanála agus Bainistíocht um Riosca Tuillte Treoirlínte le haghaidh Údaráis
    Phleanála (Samhain 2009);
  • measúnacht hidreolaíoch/hidrigeolaíoch den tionscadal;
  • measúnacht faoin gCreat-treoir Uisce agus faoi rialacháin ghaolmhara lena n-áirítear cumas aon uisce ghlactha chun ualach breise sceite a thógáil de réir na gcaighdeán agus na gcuspóirí maidir le cáilíocht uisce;
  • measúnacht ar stádas an tírdhreacha agus ar an tionchar ar an tsúil, mar is cuí;
  • cumas iompair agus sábháilteacht an ghréasáin bhóithre a riarann ar an bhforbairt bheartaithe;
  • an tionchar is dócha a bheidh ag an bhforbairt bheartaithe, má chuirtear i gcrích é, lena n-áirítear an tionchar ar thaitneamhachtaí na maoine i gcóngar;
  • measúnacht ar astaíochtaí aeir, bolaidh agus torainn; agus
  • aon Ordú um Limistéar Taitneamhachta Speisialta a bhféadfadh an fhorbairt bheartaithe tionchar a bheith aici air.

Iarmhairtí dóchúla na forbartha ó thaobh pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe sa limistéar ina bhfuil sé beartaithe an fhorbairt a shuí

  • an bonn cirt leis an tionscadal;
  • príomhfhorálacha an Phlean Fhorbartha maidir leis an suíomh i dtrácht agus leis an gceantar máguaird lena n-áirítear aon fhoráil ábhartha den Chroí-Straitéis;
  • stair ábhartha pleanála an tsuímh i dtrácht agus an cheantair máguaird;
  • beartais ábhartha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla; agus
  • cur síos ar an úsáid a bhaintear as tailte láimh leis an suíomh.

An éifeacht is dócha a bheidh ag an bhforbairt bheartaithe ar shuíomh Eorpach (Tuarascáil tionchair Natura)

Mar a shainítear faoi a. 177T d'Acht na bliana 2000 (leasaithe) ciallaíonn tuarascáil tionchair Natura:

"...ráiteas chun críocha Airteagal 6 den Treoir um Ghnáthóga, maidir le himpleachtaí Plean úsáide talún, as féin nó in éineacht le pleananna nó tionscadail eile, do láithreán Natura 2000 amháin nó níos mó, ag féachaint do chuspóirí caomhantais an láithreáin nó na láithreán" agus áireofar air "...tuarascáil maidir le himscrúdú eolaíochta ar fhianaise agus sonraí, arna dhéanamh ag daoine inniúla chun aon impleachtaí do láithreán Natura 2000 amháin nóníos mó a aithint agus a aicmiú ag féachaint do chuspóirí caomhantais an láithreáin nó na láithreán".

Ba cheart doiciméadú bunaithe ar an fhaisnéis chuí a sholáthar don Bhord Pleanála, ina cháil mar an t-údarás inniúil a dhéanann measúnacht chuí ar na cásanna seo. D'áireofaí air sin aon torthaí ar obair shuirbhé, ar staidéar
bonnlíne nó ar aon anailís eile agus measúnú ar éifeachtaí na forbartha beartaithe ar láithreán nó ar láithreáin Eorpacha. Ina éagmais sin, d'fhéadfadh sé go mbeadh ar an mBord Pleanála smaoineamh ar dhiúltú don fhorbairt bheartaithe, a chumhachtaí faoi a. 177AE(5)(a)(i) a úsáid chun eolas breise a lorg, athruithe a dhéanamh ar an bhforbairt bheartaithe nó tuarascáil tionchair Natura leasaithe a lorg.

Meastar go mba leor tuarascáil tionchair Natura iomlán agus é a bheith i bhfoirm aon tuarascáil chuimsitheach amháin chun an t-eolas cuí a sholáthar don Bhord Pleanála lena bhféadfaí an cás a chinneadh go tráthúil.

Gheofar in áiteanna eile treoir ar mheasúnacht chuí agus an eolas a chaithfidh a bheith sa tuarascáil tionchair Natura. Áirítear ansin:

  • DOEHLG (2010) Appropriate Assessment of Plans and Projects in Ireland. Guidance for Planning Authorities (as revised 2010)
  • European Commission (2000) Managing Natura 2000 Sites. The provisions of Article 6 of the ‘Habitats Directive’ 92/43/EEC
  • European Commission (2002) Assessment of plans and projects significantly affecting Natura 2000 sites. Methodological guidance on the provisions of Article 6(3) and 6(4) of the ‘Habitats Directive’ 92/43/EC
  • European Commission (2007a) A Guidance Document on Article 6(4) of the ‘Habitats Directive’ 92/43/EEC. Clarification of the concepts of alternative solutions, imperative reasons of overriding public interest, compensatory measures, overall coherence, opinion of the Commission.