Léim go dtí an príomhábhar

Iarratais MC - Alt 177AE: Réamhrá

1. Réamhrá

1.1 Gheofar sa Nóta Treorach seo comhairle nós imeachta mar gheall ar an tslí inar cheart d'údaráis áitiúla tograí le haghaidh forbairtí údaráis áitiúla a chur ar aghaidh chuig an mBord Pleanála faoi a. 177AE (maidir le measúnacht chuí (MC)) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (leasú).

1.2 Agus togra á breithniú ag an mBord Pleanála faoi alt 177AE, ní mór don Bhord féachaint do:

  • an éifeacht is dócha a bheidh ag an bhforbairt bheartaithe ar an timpeallacht,
  • iarmhairt dhóchúil na forbartha ar phleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an limistéir ina bhfuil sé beartaithe an fhorbairt a shuí, agus
  • an éifeacht is dócha a bheidh ag an bhforbairt bheartaithe ar shuíomh Eorpach.

1.3 Beidh na hionchais maidir leis na pleananna/sonraí atá le cur ar aghaidh agus leibhéal na sonraí a chuirfear ar fáil in éineacht leis na pleananna/sonraí i gcomhréir le scála agus castacht na forbartha beartaithe agus le saintréithe na timpeallachta glactha. I ngach cás, bíonn an Bord Pleanála ag súil le tuairisc chruinn i bhfoirm líníochtaí agus chuntas scríofa agus na himpleachtaí ar fad a ghabhann leis na gnéithe ar fad, lena n-áirítear aon bhearta maolaithe, a bheith leagtha amach go soiléir sa doiciméadú.

1.4 Is é cuspóir an nóta seo treoir a thabhairt d'údaráis áitiúla faoin tslí le haighneachtaí a réiteach ionas gur féidir leis an mBord cinneadh eolach tráthúil a dhéanamh.