Léim go dtí an príomhábhar

Iarratais MC - Alt 177AE: Ginearálta

2. Ginearálta

2.1 Teastóidh ceadú faoi a.177AE maidir le tionscadail éagsúla údaráis áitiúla, ó thaobh nádúir, méid agus scála. Roimhe seo, ba iad na húdaráis áitiúla a dhéileáil leis na cineálacha tionscadail seo faoi a.179 den Acht um Pleanáil agus Forbairt (leasú) agus faoi Chuid 8 de na Rialacháin Pleanála agus Forbartha, 2001 (leasú). Is eol go maith don Bhord Pleanála gurb athrú cleachtais é d’údaráis áitiúla na haighneachtaí seo a bheith le cur isteach acu agus teastóidh níos mó sonraí agus eolais de bharr (a) riachtanais reachtúla agus (b) eolas áitiúil a bhféadfadh an t-údarás áitiúil talamh slán a dhéanamh de roimhe seo ach a chaithfear a leagan amach san iarratas anois, b'fhéidir, toisc an próiseas cinnteoireachta a bheith lasmuigh de shainordú na n-údarás áitiúil anois.

2.2 Cinneadh an Bhoird Phleanála:

Féadfaidh an Bord Pleanála

  • cead a thabhairt le mionathrú nó gan mionathrú;
  • cead páirteach a thabhairt le mionathrú nó gan mionathrú;
  • diúltú cead a thabhairt.

Féadfaidh an Bord Pleanála coinníollacha a cheangal den chead, faoi mar a mheasann sé a bheith cuí, lena n-áirítear coinníollacha maidir le tógáil, maoiniú agus áis nó seirbhís a sholáthar a bheadh ina thairbhe don phobal.

Ar cinneadh an Bhoird Phleanála a bheith faighte, ceanglaítear ar an údarás áitiúil cóip den chinneadh agus den Tuarascáil tionchair Natura a chur ar fáil don phobal lena iniúchadh agus / nó lena cheannach.