Léim go dtí an príomhábhar

FST Comhairliúchán Réamhiarratais (Iarratasóirí Ionchasacha): MTT agus Measúnacht Chuí

Tástáil / staidéar scóipe MTT / Measúnacht Chuí

Maidir leis na nithe thuas, foráiltear sa reachtaíocht nuair a dhéantar iarratas faoi alt 7(1) ag iarraidh cinneadh ar cibé an mbaineann an fhorbairt le seasamh aicme atá sonraithe i gCuid 2, Sceideal 5 de na Rialacháin Pleanála agus Forbartha, 2001, nó cibé an ndealraíonn sé go ndéanfadh an fhorbairt ina aonar, nó i gcomhcheangal le forbairt eile, difear do láithreán Eorpach, go mbeidh cinneadh eisithe ag an mBord sula ndéantar an t-iarratas.

Gheofar treoir ar thástáil agus staidéar scóipe MTT / Measúnacht Chuí.

 

Nóta: Comhairliúchán Réamhiarratais leis An mBord Pleanála

Faoi alt 6(9) den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Tithíocht) agus um Thionóntachtaí Cónaithe 2016, ní dhéanfaidh comhairliúchán a sheolfar faoi alt 6, ná tuairim a thiocfar uirthi faoin alt sin, dochar d’fheidhmiú an Bhoird Phleanála, ná an údaráis phleanála nó na n-Údarás Pleanála a mbeadh an fhorbairt straitéiseach tithíochta bheartaithe suite laistigh dá gceantar feidhme, aon cheann eile dá fheidhmeanna faoi seach faoi na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 go 2016 nó aon achtachán eile agus ní féidir brath air sa phróiseas foirmiúil pleanála ná in imeachtaí dlí.