Léim go dtí an príomhábhar

FST Comhairliúchán Réamhiarratais (Iarratasóirí Ionchasacha): Ceim 1

Céim 1 : Comhairliúchán leis an Údarás Pleanála (alt 247)

Tá comhairliúchán leis an Údarás Pleanála i bhfeidhm ó tháinig an tAcht um Forbairt agus Pleanáil, 2000, arna leasú, i bhfeidhm.

Go dtí seo, ba chomhairliúchán roghnach é an comhairliúchán sin agus faoin iarratasóir aonair a bhí sé cibé an mbainfeadh sé leas as an tseirbhís seo nó nach mbainfeadh. Faoi Acht 2016 is comhairliúchán éigeantach é an comhairliúchán seo anois i gcás iarratais ar FST agus áirítear orthu sraith oibleagáidí don Údarás Pleanála agus don iarratasóir ionchasach araon.

Faoi Acht 2016, ceanglaítear ar an Údarás Pleanála cruinniú comhairliúcháin a éascú laistigh de 4 seachtaine den dáta ar a n-iarrtar cruinniú den sórt sin.

Chun cabhrú leis an Údarás Pleanála, agus mar eolas dó, ceanglaítear ar an iarratasóir ionchasach (faoi Rialacháin 2017) eolas i dtaobh an togra a chur isteach chuig an Údarás Pleanála dhá sheachtain roimh dháta an chomhairliúcháin.

Ceanglaítear ar Údarás Pleanála taifead a choimeád de gach cruinniú comhairliúcháin faoi alt 247, agus iad a chur ar aghaidh chuig an mBord Pleanála nuair a dhéantar iarratas ar Chomhairliúchán Réamhiarratais maidir le FST faoi alt 5(1) d’Acht 2016.

I gcás nach n-éascaíonn an t-údarás nó na húdaráis phleanála sa cheantar nó sna ceantair ina mbeidh an fhorbairt bheartaithe suite an cruinniú/na cruinnithe sin, laistigh de 4 seachtain ó dháta an iarratais, ní chiallóidh sé sin nach féidir leis an mBord Pleanála déileáil le ceist réamhiarratais a chuireann an t-iarratasóir isteach go díreach.

Comhairliúchán le comhlachtaí forordaithe
Anuas ar chomhairliúchán leis an Údarás Pleanála, molann an Bord Pleanála d’iarratasóir ionchasach dul i gcomhairle leis na comhlachtaí forordaithe ábhartha ar nós Uisce Éireann agus comhlachtaí eile a luaithe is féidir.