Léim go dtí an príomhábhar

FTS Comhairliúchán Réamhiarratais – Treoir d'Iarratasóirí Ionchasacha

An tAcht um Pleanáil (Tithíocht) agus um Thionóntachtaí Cónaithe 2016
Na Rialacháin Pleanála agus Forbartha (Forbairt Straitéiseach Tithíochta) 2017


Is céim nua é Comhairliúchán Réamhiarratais a chaithfear a chomhlíonadh sula ndéantar iarratas ar fhorbairt straitéiseach tithíochta (FST) chuig an mBord Pleanála. Tá treoir ghinearálta foilsithe ag an mBord Pleanála maidir leis na nósanna imeachta éagsúla nua a tugadh isteach le hAcht 2016. Tá an doiciméad seo ar cheann de shraith doiciméad a bhaineann le ‘Comhairliúchán Réamhiarratis’ FST leis an mBord Pleanála.

Tá treoir bhreise ar fáil maidir le ‘Iarratas Pleanála’ ar FST a dhéanamh chuig an mBord Pleanála.


Cad is brí le Forbairt Straitéiseach Tithíochta (FST)?

Faoi alt 3 den Acht um Pleanáil (Tithíocht) agus um Thionóntachtaí Cónaithe 2016, sainmhínítear FST mar:

(a) forbairt de 100 teach nó níos mó ar thalamh atá zónáilte d’úsáid chónaithe nó do mheascán d’úsáid chónaithe agus úsáidí eile,

(b) forbairt d’aonaid chóiríochta do mhic léinn, ina mbeidh 200 spás leaba, nó níos mó, san iomlán, ar thalamh atá zónáilte do chóiríocht do mhic léinn nó do mheascán de chóiríocht do mhic léinn agus d’úsáidí eile,

(c) forbairt ina n-áirítear forbairtí den chineál dá dtagraítear in alt (a) agus den chineál dá dtagraítear in alt (b), nó ina bhfuil meascán de thithe agus de chóiríocht do mhic léinn nó

(d) athrú ar chead reatha pleanála a deonaíodh faoi alt 34 (seachas faoi fho-alt (3A)) mar a mbaineann an t-athrú beartaithe le forbairt a shonraítear i bparagraf (a), (b) nó (c).

An Bonn Reachtach le FST
Foráiltear in alt 4(1) den Acht 2016 go ndéanfar iarratas ar chead d’fhorbairt straitéiseach tithíochta go díreach chuig an mBord Pleanála agus ní chuig Údarás Pleanála, mar ab amhlaidh roimhe sin.