Léim go dtí an príomhábhar

FST Comhairliúchán Réamhiarratais (Iarratasóirí Ionchasacha): Céim 3

Céim 3: Iarratas Pleanála

Na chéad chéimeanna eile
Faoi Acht 2016 agus na Rialacháin Pleanála agus Forbartha (Forbairt Straitéiseach Tithíochta) 2017, ceanglaítear ar iarratasóir ionchasach riachtanais áirithe a chomhlíonadh sula ndéantar iarratas faoi alt 4. Seo na nithe a cheanglaítear ar an iarratasóir:

  • Tuairim a iarraidh agus a fháil ón mBord Pleanála faoi alt 6(7) maidir le cibé an bonn réasúnta le haghaidh iarratais iad na doiciméid a cuireadh isteach ag an gcéim Réamh-Iarratais.
  • Na riachtanais atá leagtha amach in alt 8 den Acht agus in airteagail 297 agus 298 de Rialacháin 2017 a bheith comhlíonta.
  • Cinneadh a bheith faighte faoi alt 7(1) más cuí (.i. tástáil / staidéar scóipe MTT / Measúnacht Chuí).

 

Nóta: Comhairliúchán Réamhiarratais leis An mBord Pleanála

Faoi alt 6(9) den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Tithíocht) agus um Thionóntachtaí Cónaithe 2016, ní dhéanfaidh comhairliúchán a sheolfar faoi alt 6, ná tuairim a thiocfar uirthi faoin alt sin, dochar d’fheidhmiú an Bhoird Phleanála, ná an údaráis phleanála nó na n-Údarás Pleanála a mbeadh an fhorbairt straitéiseach tithíochta bheartaithe suite laistigh dá gceantar feidhme, aon cheann eile dá fheidhmeanna faoi seach faoi na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 go 2016 nó aon achtachán eile agus ní féidir brath air sa phróiseas foirmiúil pleanála ná in imeachtaí dlí.