Léim go dtí an príomhábhar

FST Comhairliúchán Réamhiarratais (Iarratasóirí Ionchasacha): Céim 2

Céim 2: Comhairliúchán Réamhiarratais

Tá céimeanna éagsúla le comhlíonadh sa phróiseas nua Réamh-Iarratais FST:

  • Iarratas ar chruinniú comhairliúcháin réamhiarratais ón iarratasóir ionchasach chuig an mBord Pleanála.
  • Cuireann an t-Údarás Pleanála a thuairim agus na taifid alt 247 ar aghaidh chuig An mBord Pleanála, tar éis iarratas a fháil ar chomhairliúchán réamhiarratais.
  • Tionóltar Cruinniú Comhairliúcháin Réamhiarratais leis an mBord Pleanála, an t-Údarás Pleanála agus an t-iarratasóir ionchasach
  • Taifead den Chomhairliúchán Réamhiarratais.
  • An Bord Pleanála ag teacht ar thuairim agus an tuairim sin á heisiúint

 

Iarratas ar Chruinniú Comhairliúcháin Réamhiarratais

Is féidir le hiarratasóir ionchasach iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig an mBord Pleanála agus ba chóir an t-eolas dá bhforáiltear faoi ailt 5(5), (6) agus (7) d’Acht 2016 agus faoi airteagal 285 (1), (2), (3) agus (4) de Rialacháin 2017 a bheith ann. Ba chóir na nithe seo a leanas a bheith san eolas sin, inter alia:

  • léarscáil de shuíomh an láithreáin
  • cur síos gairid ar nádúr agus cuspóir na forbartha
  • dréachtphlean leagain amach
  • ráitis chomhsheasmhachta
  • an táille cheart
  • Foirm Iarratais Chomhairliúcháin Réamhiarratais comhlánaithe

Ceanglaítear ar an iarratasóir ionchasach cóip den iarratas a chur ar aghaidh chuig an údarás nó na húdaráis phleanála cuí ina mbeidh an FST suite ina limistéar nó ina limistéir.
 

An Méid a Chaithfidh an tÚdarás Pleanála a Chur Isteach

Laistigh de dhá sheachtain d’fhógra a bheith curtha chuig an mBord Pleanála go ndearnadh iarratas bailí ar chruinniú comhairliúcháin réamhiarratais, ceanglaítear ar an Údarás Pleanála taifid alt 247 maille lena dtuairim ar an bhforbairt bheartaithe a chur isteach chuig an mBord Pleanála.

Áireofar ar thuairim an údaráis phleanála cad iad na nithe a bhaineann le pleanáil agus forbairt chuí an limistéir i dtrácht a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chinneadh an Bhoird Phleanála ar an FST beartaithe, go háirithe ag féachaint don phlean forbartha agus/nó plean limistéir áitiúil i dtrácht, faoi mar a bheadh.
 

Cruinniú Comhairliúcháin Réamhiarratais

I gcás ina bhfuil an Bord Pleanála sásta gur chuir an t-iarratasóir ionchasach an t-eolas riachtanach isteach, tionólfaidh an Bord Pleanála cruinniú comhairliúcháin. Beidh an cruinniú sin ann laistigh de shé seachtaine ón dáta ar a bhfaigheann an Bord Pleanála an t-iarratas agus i láthair ag an gcruinniú sin beidh an t-iarratasóir ionchasach, ionadaithe an Bhoird Phleanála agus ionadaithe an údaráis phleanála i dtrácht.

Foráiltear san Acht agus sna Rialacháin le haghaidh breis agus cruinniú amháin, faoi lánrogha an Bhoird Phleanála. Ba chóir a chur san áireamh, mar sin féin, nach mbeidh an dara cruinniú ann ach i gcásanna áirithe (atá teoranta), ar mhaithe le meas a léiriú ar spiorad an Achta, arb é sin ceisteanna Réamh-Iarratais agus iarratais phleanála a phróiseáil go héifeachtach agus go pras.

Cuspóir an Chomhairliúcháin Réamhiarratais.

Is é cuspóir an doiciméadaithe agus an chruinnithe comhairliúcháin cabhrú leis an mBord Pleanála teacht ar thuairim faoi alt 6(7) den Acht 2016.

Tagann an Bord Pleanála ar thuairim cibé an bonn réasúnta le hiarratas iad na doiciméid a cuireadh isteach chuig an mBord Pleanála faoi alt 5(5) nó an gá breithniú agus leasú breise chun go mbeidh siad ina mbonn réasúnta le hiarratas faoi alt 4 d’Acht 2016.

Is gá líníochtaí agus leagan amach na forbartha beartaithe a chur isteach, ach díreoidh an plé ag an gcruinniú ar cheisteanna tábhachtacha a bhaineann leis an láithreán ar leibhéal straitéiseach for-radhairc. Ba chóir go leagfaí amach sna ráitis chomhsheasmhachta agus sa phlean leagain amach láithreáin agus san eolas eile a chuirtear isteach réasúnaíocht an iarratasóra ionchasaigh don togra ag féachaint go sonrach do na beartais agus cuspóirí ábhartha atá sa phlean forbartha agus atá de bhun treorach ón Aire faoi alt 28, a bhaineann leis an láithreán. Ba chóir ráitis shoiléire ghonta a sholáthar.

Ní dhéantar measúnú ar fhiúntas an togra ag an gcruinniú comhairliúcháin, agus ní ghlactar aon seasamh ina leith.

 

Taifead den Chomhairliúchán Réamhiarratais

Coimeádfaidh an Bord Pleanála taifead den chomhairliúchán réamhiarratais maidir leis an FST, lena n-áirítear ainmneacha iad siúd a bhí páirteach sa chomhairliúchán. Coimeádfar cóip den taifead sin leis na doiciméid lena mbaineann aon iarratas i dtaca leis an fhorbairt bheartaithe sin.

Eiseofar na doiciméid sin don Údarás Pleanála agus don iarratasóir ionchasach agus cuirfidh an Bord Pleanála iad ar fáil don phobal nuair a bheidh na doiciméid iarratais faighte.

 

Teacht ar Thuairim agus an Tuairim sin a Eisiúint

Tar éis Comhairliúchán Réamhiarratais, tiocfaidh an Bord Pleanála ar Thuairim maidir le cibé an bonn réasúnta le hiarratas iad na doiciméid a cuireadh isteach ag an gcéim réamhiarratais, nó an gá breithniú agus leasú breise chun go mbeidh siad ina mbonn réasúnta le hiarratas. Nuair a thagann an Bord Pleanála ar Thuairim gur gá breithniú agus leasú breise, cuirfidh sé comhairle ar fáil maidir le cé na nithe ar gá don iarratasóir ionchasach díriú orthu sna doiciméid a bheidh le cur isteach leis an iarratas.

Eiseoidh an Bord Pleanála fógra maidir lena Thuairim don iarratasóir ionchasach laistigh de thrí seachtaine ó dháta an chruinnithe comhairliúcháin deiridh.

Beidh an Tuairim seo (a eisítear faoi alt 6(7)) riachtanach sular féidir leis an iarratasóir ionchasach dul ar aghaidh chuig céim an iarratais. Cuirtear an Tuairim seo ar fáil don phobal ag céim an iarratais.
 

Comhairliúchán Eile

Eiseoidh an Bord Pleanála liosta de chomhlachtaí forordaithe don iarratasóir ionchasach, comhlachtaí nár mhór a chur ar an eolas sula ndéantar iarratas ach mar sin féin ba chóir don iarratasóir ionchasach dul i gcomhairle le comhlachtaí forordaithe ábhartha (liostaithe faoi airteagal 295 de Rialacháin 2017) agus leis an Bord Pleanála roimh an chruinniú comhairliúcháin réamhiarratais.

Meastar go dtabharfar an Comhairliúchán Réamhiarratais chun críche laistigh de 9 seachtaine.