Léim go dtí an príomhábhar

COVID-19

COVID-19 (Coróinvíreas) agus An Bord Pleanála: Eolas

Srianta Leibhéal 5

An Nuashonrú is Déanaí: 30 Márta 2021, 16:00

Tá sainghníomhaíochtaí reachtúla córas pleanála, a mhéad is féidir iad a dhéanamh go cianda liostaithe mar sheirbhís riachtanach faoin teideal "Riarachán poiblí, seirbhísí éigeandála agus cosaint" de Liosta Seirbhísí Riachtanacha an Rialtais (a d'fhoilsigh Roinn an Taoisigh ar an 14 Deireadh Fómhair 2020 agus a tugadh chun dáta den uair dheiridh ar an 8 Eanáir 2021). Tá An Bord Pleanála san áireamh sa chatagóir seo.

Anuas air sin, foráiltear i Rialachán 4(2)(z) de Rialachán 2020 den Acht Sláinte 1947 (Alt 31A – Srianta Sealadacha) (Covid-19) (Uimh.10) I.R. Uimh. 701 de 2020 (agus I.R. Uimh. 95 de 2021) gur leithscéal réasúnta le taisteal a dhéanamh freastal ar an mBord Pleanála chun dul i mbun oibre i bpróiseas pleanála reachtúil lena n-áirítear achomharc nó aighneacht a dhéanamh nó tuairim a thabhairt nó comhad a léamh, i bhfianaise shrianta Leibhéal 5 a bheith i bhfeidhm. Áirítear i gCuid 2 de na Rialacháin Liosta Seirbhísí Riachtanacha an Rialtais. Tháinig na Rialacháin seo i bhfeidhm ar an 31 Nollaig 2020.

Mar gheall ar an méadú ar bhaol Covid-19 beidh srian ar rochtain an phobail ar oifig An Bhoird Phleanála.

Níor chóir don phobal teacht isteach san oifig ag an am seo, mura bhfuil sé riachtanach.

Iadsan ar gá dóibh teacht isteach san oifig chun doiciméid a thabhairt dúinn, caithfidh siad anois an 'post' a fhágáil i mbosca san oifig fáilte gar don doras isteach. Is dona linn nach féidir na doiciméid a sheiceáil an uair.

Ní bheidh aon chaidreamh idir an bhfoireann agus an pobal san oifig fáilte. Mar sin féin, tá baill foirne ar fáil i gcónaí ach eolas nó ceist a sheoladh chugainn le linn uaireanta oifige i ríomhphost nó ar an bhfón.

Déanfar socruithe más gá do bhall den phobal táille a íoc le cárta creidmheasa nó cárta dochair.

Táimid ar oscailt mar is gnách idir 9.15 a.m. agus 5.30 p.m. Luan go hAoine (seachas laethanta saoire poiblí) agus is féidir teagmháil a dhéanamh linn i gcaitheamh na tréimhse seo trí ríomhphost nó ar an bhfón.

Iarraimid ort gan teacht isteach san oifig más féidir leat do ghnó a dhéanamh ar aon slí eile, mar shampla trí:

  • Doiciméid a sheoladh chugainn leis an bpost nó le cúiréir.
  • Tuairim ar iarratas ar Fhorbairt Tithíochta Straitéisí a chur chugainn ar líne.