Léim go dtí an príomhábhar

COVID-19: Roghanna ar theacht isteach san oifig

Roghanna ar theacht isteach san oifig

Doiciméid a sheoladh chugainn leis an bpost nó le cúiréir: Gach cás

Má tá dóthain ama ann, smaoinigh ar do dhoiciméid a sheoladh chugainn leis an bpost nó le cúiréir seachas teacht isteach san oifig. Más mian leat achomharc a dhéanamh, féach an suíomh gréasáin go bhfeice tú na dátaí deireanacha le hachomharc a dhéanamh. Más mian leat tuairim a thabhairt ar iarratas ar fhorbairt tithíochta straitéisí, is féidir an dáta deireanach chuige sin a sheiceáil ar an gcuid den suíomh gréasáin a bhaineann le forbairtí tithíochta straitéisí. Más mian leat rud ar bith eile a dhéanamh déan teagmháil linn.

Ortsa atá an fhreagracht a chinntiú go bhfaighimid do dhoiciméid laistigh den tréimhse ama i dtrácht. Ní mór do mhíreanna a bheith faighte againn roimh 5.30 tráthnóna ar an lá deireanach den tréimhse shonraithe ama fiú más dáta roimh an dáta deireanach atá ar an bpostmharc. Ní cheadaíonn an dlí dúinn doiciméid dhéanach a ghlacadh amhail is gur doiciméid bhailí iad. Má tá aon údar imní agat nach sroichfidh do dhoiciméid an oifig in am leis an bpost nó le cúiréir, ionas gur fearr leat iad a thabhairt go dtí an oifig de láimh, léigh an t-eolas thíos sula mbeartaíonn tú teacht isteach san oifig seo.

Is féidir táillí a íoc le seic, dréacht baincéara nó le hordú poist. Ní mholaimid duit airgead tirim a chur sa phost. Ní ghlacaimid le híocaíochtaí cárta dochair nó cárta creidmheasa ná le ríomhaistrithe cistí leis an bpost.

Molaimid go láidir duit gan aon rud a chur sa bhosca litreach againn lasmuigh d'uaireanta oifige de bhrí gur féidir go measfar nach bhfuil sé bailí.

Tuairim a sheoladh ar Iarratas Tithíochta Straitéisí ar líne

seirbhís ar líne ag an mBord Pleanála inar féidir le baill den phobal a dtuairimí ar Iarratas Tithíochta Straitéisí a sheoladh chugainn. Íocann tú an táille as an tuairim ar líne. 

Níl an tseirbhís seo ar fáil ach le haghaidh tuairimí ar Iarratais ar Fhorbairt Tithíochta Straitéisí atá ar liosta seo.

Eolas ar chomhaid cás cinnte

Gheobhaidh tú buneolas ar chásanna ach féachaint ar an suíomh gréasáin agus an fheidhm chuardaigh a úsáid. Chun cás a aimsiú:

  • clóscríobh uimhir sé dhigit tagartha cáis an Bhoird Pleanála. Uimhreacha ar nós 300000 atá ar chásanna reatha, agus uimhreacha mar 234567, RL2000, PA4000 atá ar sheanchásannsa. Nó
  • clóscríobh suíomh tíreolaíochta nó eochairfhocail sa chur síos ar an bhforbairt bheartaithe.

Ar leathanach gréasáin gach cáis chinnte, gheofar:

  • Tuarascáil an Chigire
  • Treoir an Bhoird
  • Ordú an Bhoird

Má tá eolas eile uait, seol ríomhphost chuig ár roinn rochtana poiblí ag publicaccess@pleanala.ie agus tabhairt sonraí an cháschomhaid chinnte. Gheobhaidh tú glao ónár bhfoireann rochtana poiblí ina dtabharfar eolas breise duit.