Léim go dtí an príomhábhar

COVID-19: Eolas do chuairteoirí

Eolas ginearálta

Níor chóir don phobal teacht isteach san oifig ag an am seo, mura bhfuil sé riachtanach

Más gá duit teacht isteach san oifig anseo, léigh na póstaeir eolais agus na treorach agus cloígh leo, agus le haon treoacha a fhaigheann tú ó fhoireann na hoifige nó ón bhfoireann slándála.

Acomhairc phleanála

Le bheith cinnte go ndearna tú gach beart is gá chun achomharc a dhéanamh, iarraimid ort an seicliosta achomhairc phleanála a úsáid, a chabhróidh leat achomharc bailí a dhéanamh. Iarrtar ort d'achomharc a dhéanamh roimh an dáta deireanach, más féidir. Ar ár suíomh gréasáin, beidh seans agat féachaint cad é an dáta deireanach chun achomharc pleanála a dhéanamh, bunaithe ar an dáta chinneadh an údaráis pleanála (Ordú an Phríomhfheidhmeannaigh) ar an iarratas pleanála i dtrácht.

Más mian leat tuairim a chur isteach, is féidir leat an seicliosta do thuairim a úsáid, féachaint an ndearna tú gach beart is gá chun tuairim a chur isteach. Iarrtar ort do thuairim a chur isteach roimh an dáta deireanach, más féidir.

Is fearr gan teacht isteach san oifig faoi láthair ach sa chás go bhfuil sé riachtanach. Más gá duit teacht isteach, iarraimid ort táillí a íoc más féidir i bhfoirm seic, ordú poist nó dréacht baincéara agus iad a chur leis an doiciméad sula gcuireann tú isteach sa bhosca 'fág anseo é' ag an doras. Déanfar socrú más gá duit táille a íoc le cárta creidmheasa nó cárta dochair.

Forbairtí Tithíochta Straitéisí

Sula dtagann tú isteach san oifig, is féidir leat na dátaí deireanacha le tuairim a chur isteach ar iarratas reatha.

An tslí is fusa agus is tapúla chun tuairim a sheoladh i dtaobh Iarratas ar Fhorbairt Tithíochta Straitéisí ná ár seirbhís ar líne a úsáid

Más mian leat tuairim a thabhairt ar iarratas leis an bpost nó go pearsanta, is féidir leat an seicliosta do thuairim a úsáid, féachaint an ndearna tú gach beart is gá chun tuairim a chur isteach. Iarrtar ort do thuairim a chur isteach roimh an dáta deireanach, más féidir.

Is fearr gan teacht isteach san oifig faoi láthair ach sa chás go bhfuil sé riachtanach. Más gá duit teacht isteach, iarraimid ort táillí a íoc más féidir i bhfoirm seic, ordú poist nó dréacht baincéara agus iad a chur leis an doiciméad sula gcuireann tú isteach sa bhosca 'fág anseo é' ag an doras. Déanfar socrú más gá duit táille a íoc le cárta creidmheasa nó cárta dochair.

Forbairtí Bonneagair Straitéisigh

Sula dtagann tú isteach san oifig, is féidir leat na dátaí deireanacha le tuairim a chur isteach ar iarratas reatha a sheiceáil trí theagmháil a dhéanamh linn ag sids@pleanala.ie

Más mian leat tuairim ar iarratas a chur isteach, is féidir leat an seicliosta do thuairim a úsáid, féachaint an ndearna tú gach beart is gá chun tuairim a chur isteach. Iarrtar ort do thuairim a chur isteach roimh an dáta deireanach, más féidir.