An tAcht um Pleanáil (Tithíocht) agus um Thionóntachtaí Cónaithe 2016
Na Rialacháin Pleanála agus Forbartha (Forbairt Straitéiseach Tithíochta) 2017
Foráiltear in alt 7 d’Acht 2016 gur féidir le hiarratasóir ionchasach iarratas a dhéanamh chuig an mBord Pleanála ar chinneadh tástála agus / nó tuairim scóipe i gcás Measúnacht Tionchar Timpeallachta (MTT) agus / nó Measúnacht Chuí (MC) maidir le Forbairt Straitéiseach Tithíochta (FST) bheartaithe.
Is faoi lánrogha an iarratasóra atá sé iarratas den sórt seo a dhéanamh agus ní cuid riachtanach é den phróiseas réamhiarratais FST. |
Tháinig na socruithe nua i bhfeidhm Dé Luain, an 3 Iúil 2017 go ceann tréimhse suas go 31 Nollaig 2019, nuair a d’fhéadfaí an tréimhse a shíneadh go dtí an 31 Nollaig 2021, faoi réir próiseas athbhreithnithe.
Tá treoir ghinearálta foilsithe ag an mBord Pleanála maidir leis na nósanna imeachta éagsúla nua a tugadh isteach le hAcht 2016. Tá an doiciméad seo ar cheann de shraith doiciméad a bhaineann le hiarratais alt 7 ar chinneadh tástála agus / nó tuairim scóipe maidir le Measúnacht Tionchar Timpeallachta (MTT) agus / nó Measúnacht Chuí (MC) i dtaca le tograí FST.
Gheofar treoir bhreise i dtaca le comhairliúcháin réamhiarratais FST chuig an mBord Pleanála agus i dtaca le hiarratais FST go díreach chuig an mBord Pleanála.