Léim go dtí an príomhábhar

FST Tástáil agus Staidéar Scóipe MTT / MC: Cad is iarratas alt 7 ann?

Cad is iarratas alt 7 ann?

Baineann iarratas alt 7 le soláthar cinntí tástála agus tuairimí staidéar scóipe ón mBord Pleanála (maidir le FST). Is féidir iarratais den sórt seo ar chinntiú agus / nó tuairimí a dhéanamh i dtaca le measúnacht tionchair timpeallachta nó measúnacht chuí nó an dá cheann.

Tástáil maidir le MTT agus MC

Ceanglaítear ar an mBord Pleanála, má iarrtar é, cinneadh a dhéanamh cibé an gá Tuarascáil Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (TMTT)1 nó Ráiteas Tionchair Natura a chur ag gabháil leis an iarratas pleanála ar FST beartaithe, bunaithe ar an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag an FST ar an timpeallacht (RTT) nó ar láithreán Eorpach / láithreáin Eorpacha ina (n)aonar nó i dteannta pleananna nó tionscadail eile i bhfianaise chuspóirí caomhantais an láithreáin (MC).

Foráiltear i dtástáil RTT, go háirithe, faoi alt 7(1)(a)(i)(I) d’Acht 2016, le haghaidh iarratas a dhéanamh i dtaca le haicme forbartha nach sáraíonn méid, achar nó teorainn ábhartha eile atá sonraithe sna haicmí atá sonraithe i gCuid 2 de Sceideal 5 de na Rialacháin Pleanála agus Forbartha 2001 (leasú). Go tipiciúil, d’aireofaí do chuspóirí FST (ag brath ar nádúr / meascán na forbartha molta) breithniú fo-thairsí do cheann amháin nó níos mó de na haicmí forbartha atá leagtha amach in alt 10 (Tionscadail Bhonneagair) de Chuid 2, lena n-áirítear:

  • Níos mó ná 500 aonad cónaithe a thógáil
  • Ionad siopadóireachta le hachar urláir is mó ná 10,000 méadar cearnach a thógáil
  • Forbairt uirbeach de os cionn 2 heicteár i gcás ceantar gnó, 10 heicteár i gcás codanna eile de limistéar tógtha agus 20 heicteár in áiteanna eile.

Is féidir, mar sin féin, go mbeidh catagóirí / aicmí eile forbartha i gCuid 2 a d’fhéadfadh a bheith ábhartha do chuspóirí na tástála fo-thairsí má chorpraítear iad mar chuid de FST beartaithe, agus ba chóir don iarratasóir ionchasach é nó í féin a shásamh maidir leis na catagóirí eile.

TMTT, féach fo-alt thíos ar fhorálacha na Treorach leasaithe Aontais Eorpaigh 2014/52/EU



Staidéar scóipe do TMTT agus RTN

Ceanglaíonn alt 7 d’Acht 2016 ar an mBord Pleanála tuairim scríofa a chur ar fáil ar cad iad na príomh-mhíreanna eolais is gá a chur isteach i TMTT nó RTN maidir le hábhair lena n-áirítear:

  • Nádúr agus scála an FST beartaithe,
  • An timpeallacht ghlactha
  • Láithreán/láithreáin Eorpacha i dtrácht agus a gcuspóirí caomhantais,
  • Aighneachtaí ó chomhlachtaí reachtúla agus daoine / comhlachtaí eile,
  • Treoracha Eorpacha Ábhartha,
  • Nithe eile lena n-áirítear iad siúd atá forordaithe sna Rialacháin (féach treoir bhreise thíos)