Comhairliúchán an iarratasóra ionchasaigh roimh iarratas alt 7 a dhéanamh
Moltar go láidir d’iarratasóir ionchasach dul i gcomhairle le comhlachtaí forordaithe agus le comhlachtaí eile, Údaráis Phleanála, an pobal agus aon duine eile a bhféadfadh eolas a bheith acu a bhaineann le cuspóirí tástáil MTT / staidéir scóipe MC roimh iarratas alt 7 a dhéanamh.
Is féidir go mba chabhair chuige seo agus chun daoine nó comhlachtaí mar sin a shainaithint an cruinniú éigeantach alt 247 idir an t-iarratasóir ionchasach agus an t-Údarás Pleanála sula dtéitear isteach i bpróiseas Comhairliúcháin Réamhiarratais FST agus an cruinniú comhairliúcháin a thionóltar le linn an phróisis fhoirmiúil Comhairliúcháin Réamhiarratais faoi alt 6(5) d’Acht 2016.