Léim go dtí an príomhábhar

FST Tástáil agus Staidéar Scóipe MTT / MC: Treoir AE 2014/52/AE (leasú)

Treoir AE 2014/52/AE (leasú): Impleachtaí do chinntí tástála / tuairimí staidéir scóipe MTT

Tháinig an Treoir seo i bhfeidhm an 15 Bealtaine 2016. Cé nár trasuíodh é fós i reachtaíocht na hÉireann, leagtar amach i gCiorclán 1/2017, a d’eisigh an Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil, na socruithe eatramhacha a bheidh i réim roimh thús feidhme na reachtaíochta trasuite.

De bhrí go ndéanfar aon iarratas ar chinneadh tástála / tuairim staidéir scóipe MTT faoi alt 7 a thaisceadh tar éis don Treoir nua leasaithe teacht i bhfeidhm, féachfaidh an Bord Pleanála, d’ainneoin nach bhfuil aon rialacháin Éireannacha trasuite ann fós, le Treoir 2014 a chur chun feidhme laistigh dá chumhachtaí reatha riaracháin / reachtacha. Beidh impleachtaí aige sin do thástáil agus do staidéar scóipe ó thaobh an eolais a bheidh le soláthar ag iarratasóirí ionchasacha agus conclúidí an Bhoird Phleanála (féach na pointí urchair thíos ina liostaítear roinnt athruithe).

Ba chóir d’iarratasóir ionchasach féachaint do na forálacha leasaithe maidir le MTT atá leagtha amach i dTreoir 2014/52/AE agus iad a chorprú in aon iarratas maidir le MTT, a mhéad a bhaineann siad le hiarratas maidir le MTT a dhéantar de bhun alt 7.

Seo a leanas cuid de na príomhathruithe (i mbeagán focal). Mar sin féin, níl an liosta thíos ceaptha le bheith ina anailís chuimsitheach ar na hathruithe a rinne an Treoir ar an bpróiseas MTT.

  • Ba chóir tagairtí do ‘MTT’ a léamh mar thagairtí do ‘TMTT’
  • Leasaítear le hairteagail 4(4), 5 agus 6 an nós imeachta maidir le cinntí tástála i gcás an eolais a cheanglaítear ar an bhforbróir a sholáthar. Tá sé sin leagtha amach in Iarscríbhinn IIA. Is féidir bearta maolaithe a sholáthar chun éifeachtaí suntasacha dochracha ar an timpeallacht ón bhforbairt bheartaithe a sheachaint nó a chosc.
  • Agus an cinneadh tástála á dhéanamh, tá na critéir nár mhór a chur san áireamh leagtha amach in Iarscríbhinn III. (Féach athruithe / tagairtí mar shampla do riosca mórthionóiscí nó tubaistí agus riosca do shláinte an duine). Tabharfaidh an Bord na príomhchúiseanna agus cúrsaí i dtaca leis an gcinneadh seo ag féachaint do na critéir in Iarscríbhinn III
  • Faoi airteagal 3(1) leasaíodh na tosca nár mhór a aithint, a thuairisciú agus a mheasúnú i MTT agus cuireadh ‘daonra agus sláinte an duine’ in áit ‘daoine’, cuireadh ‘bithéagsúlacht’ in áit ‘flóra agus fána’ agus cuireadh an toisc nua ‘talamh’ taobh le ‘ithir, uisce, aer agus aeráid’. Déantar tagairt in airteagal 3(2) leis, d’éifeachtaí ag éirí as a leochailí atá an tionscadal do chontúirtí mórthionóiscí agus / nó tubaistí.