Léim go dtí an príomhábhar

FST Tástáil agus Staidéar Scóipe MTT / MC: Cúrsaí don Bhord Pleanála MTT

Tástáil agus staidéar scóipe maidir le MTT – Cúrsaí don Bhord Pleanála

Cinneadh Tástála maidir le MTT

Féachfaidh an Bord Pleanála do na critéir i Sceideal 7 de na Rialacháin Pleanála agus Forbartha 2001 (leasú) agus cinneadh tástála MTT á dhéanamh agus cinneadh á dhéanamh cibé an dócha go mbeadh éifeacht shuntasach ag an FST beartaithe ar an timpeallacht.

I gcás ina mbeadh an FST suite ar, nó ina bhféadfadh sé difear a dhéanamh do, láithreáin / ceantair dá dtagraítear in Airteagal 289(2) de Rialacháin 2017, féachfaidh sé, leis, do na héifeachtaí suntasach is dócha a bheadh aige ar láithreáin nó ar cheantair den sórt sin, agus an cinneadh á dhéanamh.

I gcás ina gcinneann an Bord Pleanála gur dócha go mbeadh éifeacht shuntasach ag an FST beartaithe ar an timpeallacht cuirfidh sé scéala chuig an iarratasóir go gcaithfear TMTT a chur isteach mar chuid den iarratas ar fhorbairt.

Agus aon iarratas den sórt sin ar thástáil á dhéanamh, ní mór don iarratasóir ionchasach tuairim a sholáthar maidir le cibé an dócha go mbeidh éifeacht shuntasach ag an FST beartaithe ar an timpeallacht agus na forais leis an tuairim sin. Maidir leis seo, ba chóir don iarratasóir ionchasach aird a thabhairt ar fhorálacha agus impleachtaí Threoir leasaitheach an Aontais Eorpaigh 2014/52/AE agus tuairim á baint aige / aici as (féach an nóta breise thíos ar an Treoir seo).


Tuairim staidéir scóipe maidir le heolas nár mhór a bheith san TMTT

Féachfaidh an Bord Pleanála, maidir le tuairim staidéir scóipe do MTT, d’airteagal 94 de na Rialacháin Pleanála agus Forbartha 2001 (leasú) agus léireofar ina thuairim a mhéad den eolas i bparagraf 2 de Sceideal de na Rialacháin Forbartha agus Pleanála 2001 (leasú) nár mhór a bheidh san TMTT.

Ba chóir don iarratasóir ionchasach aird a thabhairt, leis, ar fhorálacha agus impleachtaí Threoir leasaitheach an Aontais Eorpaigh 2014/52/AE in aon iarratas a chuirtear isteach chuig an mBord (féach an nóta breise thíos ar an Treoir seo).