Léim go dtí an príomhábhar

FST Tástáil agus Staidéar Scóipe MTT / MC: Eolas Cúlra

Cad is brí le Forbairt Straitéiseach Tithíochta (FST)?

Faoin Acht um Pleanáil (Tithíocht) agus um Thionóntachtaí Cónaithe 2016, sainmhínítear FST faoi alt 3 den mar:

(a) forbairt de 100 teach nó níos mó ar thalamh atá zónáilte d’úsáid chónaithe nó do mheascán d’úsáid chónaithe agus úsáidí eile,

b) forbairt d’aonaid chóiríochta do mhic léinn, ina mbeidh 200 spás leaba, nó níos mó, san iomlán, ar thalamh atá zónáilte do chóiríocht do mhic léinn nó do mheascán de chóiríocht do mhic léinn agus d’úsáidí eile,

(c) forbairt ina n-áirítear forbairtí den chineál dá dtagraítear in alt (a) agus den chineál dá dtagraítear in alt (b), nó ina bhfuil meascán de thithe agus de chóiríocht do mhic léinn nó

(d) athrú ar chead reatha pleanála a deonaíodh faoi alt 34 (seachas faoi fho-alt (3A)) mar a mbaineann an t-athrú beartaithe le forbairt a shonraítear i bparagraf (a), (b) nó (c). 

An Bonn Reachtach do Thástáil agus do Staidéar Scóipe FST

Foráiltear in alt 7 d’Acht 2016 cé nach gné éigeantach é gur féidir le hiarratasóir ionchasach iarratas a dhéanamh chuig an mBord Pleanála ar chinneadh tástála agus / nó tuairim staidéir scóipe maidir le Measúnacht Tionchar Timpeallachta (MTT) agus / nó Measúnacht Chuí (MC) maidir le Forbairt Straitéiseach Tithíochta (FST) bheartaithe.

Is féidir iarratais alt 7 a sheoladh i scríbhinn chuig an mBord Pleanála uair ar bith tar éis an chruinnithe Comhairliúcháin Réamhiarratais FST de bhua alt 6(5). Soláthraíonn alt 7 mar aon le hairteagail 286 go 291 (agus an dá cheann san áireamh) de Rialacháin 2017 an bonn reachtach do na hiarratais seo.

Beidh tréimhsí ama ar leith ag an mBord Pleanála chun freagairt d’iarratais mar seo nach ionann iad agus na tréimhsí ama don chomhairliúchán réamhiarratais. Tabharfaidh an Bord Pleanála freagairtí ar iarratais ar chinntí agus tuairimí tar éis dhúnadh an phróisis chomhairliúcháin réamhiarratais.

Cé nach gné éigeantach é, i gcás ina ndéantar iarratas faoi alt 7, ní féidir iarratas pleanála ar fhorbairt FST a thaisceadh go dtí go mbeidh a chinneadh agus / nó tuairim faoi alt 7 curtha ar fáil ag an mBord Pleanála.