Léim go dtí an príomhábhar

FST Tástáil agus Staidéar Scóipe MTT / MC: Riachtanais

Riachtanais d’Iarratasóirí Ionchasacha agus iarratas á dhéanamh

Ceanglaítear faoin reachtaíocht riachtanais áirithe nós imeachta agus eolais a chomhlíonadh agus iarratas alt 7 á dhéanamh ar an mBord Pleanála. Áirítear orthu sin:

  1. An t-iarratas a bheith i scríbhinn.
  2. Táille a íoc (€1,000 tástáil / €5,000 staidéar scóipe).
  3. Ba chóir iarratais tástála agus staidéar scóipe a dhéanamh ag an am céanna nuair a bhíonn an dá cheann de dhíth, mura n-aontaítear a mhalairt leis an mBord Pleanála.
  4. Ainm, seoladh, uimhir fóin agus seoladh ríomhphoist an iarratasóra ionchasaigh.
  5. Toiliú scríofa an úinéara chun iarratas Alt 4 a dhéanamh nuair nach é an t-iarratasóir úinéir na talún.
  6. Suíomh, baile fearainn nó seoladh poist na dtailte / an fhoirgnimh is ábhar don iarratas agus léarscáil shuíomh an láithreáin ar a bhfuil marcáilte le peann dearg teorainneacha na talún nó an struchtúir agus le peann gorm aon tailte ceangailte, teoranta nó cóngaracha atá faoi smacht an iarratasóra ionchasaigh nó an té ar leis an talamh agus i bpeann buí aon chead slí.
  7. Cur síos gairid ar nádúr an FST beartaithe agus aon éifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith aige ar an timpeallacht.
  8. Uimhir thagartha an Bhoird Phleanála don chomhairliúchán faoi alt 6(5), dáta(í) aon chomhairliúcháin agus aon athruithe ar an bhforbairt bheartaithe ó na tograí is ábhar don chomhairliúchán.
  9. Cibé an áirítear ar an bhforbairt bheartaithe gníomhaíocht dá dteastóidh ceadúnas IPPC nó ceadúnas dramhaíola.
  10. Cibé an mbaineann an fhorbairt bheartaithe le soláthar nó mionathrú ‘bunaíochta’
  11. I gcás ina n-iarrtar tástáil MTT, tuairim an iarratasóra ionchasaigh maidir le cibé an dócha go mbeidh éifeacht shuntasach ag an bhforbairt bheartaithe ar an timpeallacht agus na forais leis an tuairim sin (féach tuilleadh treorach thíos)
  12. I gcás ina n-iarrtar tástáil MC, tuairim an iarratasóra ionchasaigh maidir le cibé an dócha go mbeidh éifeacht shuntasach ag an bhforbairt bheartaithe, ina aonar nó i dteannta forbartha eile, ar láithreán Eorpach agus na forais leis an tuairim sin (féach tuilleadh treorach thíos)
  13. 2 chóip chlóite den iarratas agus 3 chóip i bhfoirm inléite ag meaisín ar ghléasanna digiteacha.

 

Riachtanais Nós Imeachta tar éis Iarratas faoi alt 7

  • Ní dhéanfar iarratas ar FST go dtí go mbeidh an t-iarratas / na hiarratais comhlíonta.
  • Ní mór an cinneadh tástála agus / nó tuairim staidéir scóipe (lena n-áirítear na príomhchúiseanna agus na príomhábhair ar ar bunaíodh iad) a thaisceadh agus a choimeád in éineacht leis na doiciméid a bhaineann leis an iarratas, nuair a thaisctear é.