Léim go dtí an príomhábhar

FST Tástáil agus Staidéar Scóipe MTT / MC: Cúrsaí don Bhord Pleanála MC

Tástáil agus staidéar scóipe maidir le MC – Cúrsaí don Bhord Pleanála

Cinneadh Tástála maidir le MC

Agus iarratas á dhéanamh ar chinneadh tástála MC ní mór don iarratasóir ionchasach tuairim a sholáthar maidir le cibé an dócha go mbeidh éifeacht shuntasach ag an bhforbairt bheartaithe, ina aonar nó i dteannta plean nó tionscadail eile, ar láithreán / láithreáin Eorpacha i bhfianaise chuspóirí comhaontais an láithreáin / na láithreán agus na forais leis an tuairim sin.

Is ar an iarratasóir ionchasach atá an t-ualach a chinntiú go gcuirtear eolas dóthanach agus ábhartha isteach chun gur féidir an tástáil a chur i gcrích. Ní mór don eolas seo a bheith ina eolas eolaíoch agus ábhartha maidir leis na héifeachtaí dóchúla ar an láithreán / na láithreáin i dtrácht i bhfianaise a gcuspóirí comhaontais.

Is ionann éifeacht shuntasach agus aon éifeacht a dhéanfadh difear do na cuspóirí caomhantais dár ainmníodh an láithreán lena n-áirítear éifeachtaí díreacha, indíreacha, i gcomhcheangal, gearrthéarmacha agus fadtéarmacha ach gan mionéifeachtaí nó éifeachtaí neamhleanúnacha a chur san áireamh. Le go mbeadh éifeacht ina éifeacht shuntasach, ní mór dó a bheith suntasach, ábhartha maidir leis na cuspóirí caomhantais agus ní féidir dóchúlacht éifeachtaí a fhágáil as an áireamh go réasúnta faoin bprionsabal réamhchúraim.

Ní féidir tionscadal a chur as an áireamh maidir leis an riachtanas chun RTN agus measúnacht chuí a chur isteach ag céim an iarratais FST ar bhonn bearta maolaithe. Mar sin féin, d’fhéadfaí féachaint ar bhearta maolaithe áirithe ar nós cloí leis an gcleachtas foirgníochta is fearr agus úsáid linnte draenála nó síothlaithe mar chuid intreach den obair a bheidh le cur i gcrích agus iad a chur san áireamh sa tástáil. Is faoi bhreithiúnas an Bhoird Phleanála a bheidh cé, ag brath ar nádúr agus méid na forbartha, cuspóirí caomhantais an láithreáin agus an chéim chinnteachta maidir leis an toradh.

Féadfaidh an Bord Pleanála dul i gcomhairle le daoine nó comhlachtaí ábhartha ar nós an tSeirbhís Náisiúnta Páirceanna agus Fiadhúlra maidir le hiarratais a fhaightear ar chinntí tástála MC.


Tuairim staidéir scóipe maidir le heolas a chaithfidh a bheith san RTN

Ní cuid de ghnáthmheasúnú éiceolaíoch é an próiseas mheasúnacht cuí ach measúnacht tionchair fócasaithe mionsonraithe d’impleachtaí thionscadal FST, ina aonar, nó i dteannta pleananna agus tionscadail eile, ar iomláine láithreán / láithreáin Eorpach / Eorpacha i bhfianaise a chuspóirí caomhantais. Beidh tuairim an Bhoird Phleanála dírithe ar chuspóirí caomhantais an láithreáin. Más mian leis an iarratasóir ionchasach tuairim a iarraidh ar thosca éiceolaíocha nach mbaineann le cuspóirí caomhantais an láithreán Eorpaigh / na láithreán Eorpach i dtrácht, ansin chaithfeadh sin a bheith ina ábhar le hiarratas staidéir scóipe ar leith maidir le MTT.

Chun cuidiú leis an mBord Pleanála a thuairim a thabhairt, le cois na nithe atá leagtha amach thuas (riachtanais a chaithfear a chomhlíonadh agus iarratas á dhéanamh ag an iarratasóir ionchasach), bheadh an Bord Pleanála ag súil leis go mbeadh na nithe seo a leanas ag gabháil le hiarratas ar thuairim staidéir scóipe maidir le cén t-eolas a chaithfidh a bheith san RTN:

  • Sonraí aon tuarascála, eolais agus comhairle a fuarthas ó dhaoine inniúla (m.sh. éiceolaithe) maidir le haon ní a d’fhéadfadh a bheith bainteach le tuairim staidéir scóipe an Bhoird Phleanála.
  • Sonraí aon eolais agus comhairle a fuarthas nó aon chomhairliúcháin le daoine nó comhlachtaí lena mbaineann inniúla (m.sh. NPWS, IFI, Údarás Pleanála) maidir le haon ní a d’fhéadfadh a bheith bainteach le tuairim staidéir scóipe an Bhoird Phleanála.

Féadfaidh an Bord Pleanála dul i gcomhairle le daoine nó comhlachtaí ábhartha ar nós an tSeirbhís Náisiúnta Páirceanna agus Fiadhúlra maidir le hiarratais a fhaightear ar chinntí staidéir scóipe MC.