Léim go dtí an príomhábhar

FBS: Comhairliúcháin réamhiarratais

Cuspóir comhairliúcháin réamhiarratais agus i gcás ina bhfuil feidhm leis

Caithfear comhairliúcháin réamhiarratais a iarraidh sula ndéantar iarratas ar chead nó ar cheadú chuig an mBord Pleanála. Ina measc seo tá na cásanna seo a leanas ina bhfuil siad éigeantach:

  • Forbairtí 7ú Sceideal,
  • Forbairtí stáit nó údaráis áitiúil,
  • sreanga tarchuir leictreachais nó idirnascairí,
  • forbairtí bonneagair gáis,
  • forbairt bonneagair iarnróid.

Maidir le forbairtí bóthair, is féidir comhairliúcháin réamhiarratais a iarraidh ar an mBord Pleanála sula ndéantar iarratas.

Is é an sprioc atá le comhairliúcháin réamhiarratais ná a chinntiú go bhfuil iarratas ar chead nó ar cheadú ar ardchaighdeán. Chiallódh sé seo de ghnáth i gcás an iarratasóra, sula ndéantar an t-iarratas:

  • gurb eol dó / di na gnásanna cearta le leanúint,
  • go mbíonn deis aici / aige an phleanáil cheart agus an fhorbairt inbhuanaithe a mheas,
  • go mbíonn deis aici / aige aghaidh a thabhairt agus breithniú a dhéanamh ar éifeachtaí na forbartha beartaithe ar an gcomhshaol agus ar ghnáthóga

Is saincheisteanna iad seo a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar bhreithniú an Bhoird ar an iarratas sa todhchaí. Tugann comhairliúcháin réamhiarratais deis don Bhord Pleanála comhairle a chur ar iarratasóir má tá fadhbanna ar leith leis an togra. Féadfaidh an Bord Pleanála comhairle a thabhairt don iarratasóir maidir le comhairliúchán poiblí. Cuirtear deireadh leis na comhairliúcháin réamhiarratais nuair a chuireann an t-iarratasóir in iúl don Bhord Pleanála gur mian leo na comhairliúcháin a thabhairt chun críche. Níl aon teorainn ama ann chun na comhairliúcháin a chur i gcrích.

Más mian le hiarratasóir iarratas a dhéanamh ar fhorbairt 7ú Sceideal nó ar fhorbairt bonneagair straitéisigh eile, breithneoidh an Bord Pleanála an mbeadh tábhacht straitéiseach eacnamaíoch nó shóisialta ag baint leis an bhforbairt, nó an gcomhlíonann sé critéir áirithe eile a mheasfaí mar fhorbairt bonneagair straitéisigh. Ansin tabharfaidh an Bord a thuairim gur forbairt bonneagair straitéisigh a bheadh san fhorbairt a bheartaítear nó nach ea. Cuirfidh an Bord an cinneadh in iúl don iarratasóir agus don údarás pleanála áitiúil.

 

An pobal a choimeád ar an eolas faoi na comhairliúcháin réamhiarratais

Nuair a fhaigheann an Bord Pleanála iarraidh ar chomhairliúcháin réamhiarratais, cuirfimid an iarraidh san áireamh sa liosta seachtainiúil de ‘chásanna a fuarthas’ ar ár suíomh Gréasáin. Nuair a bheidh na comhairliúcháin réamhiarratais críochnaithe, cuirfimid iad san áireamh sa liosta seachtainiúil de ‘chásanna a fuarthas’ ar ár suíomh Gréasáin.

Nuair a bheidh deireadh leis an gcomhairliúchán réamhiarratais, is féidir féachaint ar an gcáschomhad tríd ár seirbhís rochtana poiblí. Beidh cuntas sa cháschomhad d’aon chruinniú idir An Bord Pleanála agus an t-iarratasóir ionchasach a thionóltar le linn an phróisis chomhairliúcháin réamhiarratais.

 

Cad a tharlóidh tar éis do na comhairliúcháin réamhiarratais a bheith críochnaithe?

De ghnáth is féidir le hiarratasóirí ionchasacha iarratas a dhéanamh chuig an mBord ar chead nó ar cheadú nuair a bheidh na comhairliúcháin curtha i gcrích agus tar éis don Bhord a chinneadh cibé an forbairt straitéiseach í an fhorbairt atá beartaithe, nó nach ea.

Má tá iarratasóir ag déanamh iarratais ar fhorbairt 7ú Sceideal nó ar fhorbairt bonneagair straitéisigh eile, caithfidh a thuairim a bheith tugtha ag an mBord go meastar gur forbairt bonneagair straitéisigh é an togra. Leis an tuairim seo, is féidir leis an iarratasóir a iarratas a dhéanamh chuig an mBord Pleanála.

Má thugann an Bord a thuairim nach gcomhlíonann an fhorbairt a bheartaítear na critéir riachtanacha chun é a mheas mar fhorbairt straitéiseach, caithfear an t-iarratas pleanála a dhéanamh ar an ngnáthbhealach chuig an údarás pleanála áitiúil. Tar éis don údarás pleanála a chinneadh a dhéanamh, is féidir cinneadh an údaráis phleanála a achomharc chuig an mBord Pleanála.